Treoirlínte dea-chleachtais
Is éard atá sna treoirlínte seo ráiteas dea-chleachtais maidir le seirbhísí dlíthiúla atá á soláthar ag cleachtóirí príobháideacha atá ar an bPainéal Píolótach um Chúram Leanaí. Táthar ag súil i gcás aturnaetha a bheidh san áireamh sa Phainéal Píolótach go gcomhlíonfaidh siad na Treoirlínte a bheag nó a mhór. D'fhéadfadh sé tarlú i dtosca áirithe nach leanfadh aturnae na treoirlínte seo. I gcúinsí den sórt sin ba cheart na cúiseanna sonracha a bhí leis an gcinneadh gan é sin a dhéanamh a scríobh síos ar chomhad an chliaint. Tá sé sin riachtanach ar mhaithe le bainistiú éifeachtach riosca agus dearbhú cáilíochta agus chun an Bord a chosaint i gcás go ndéantar gearáin chuig an mBord agus/nó go dtionscnaítear imeachtaí in aghaidh an Bhoird ag líomhain faillí i soláthar seirbhísí.
Déanfaidh an Bord iarracht cásanna a tharchur chuig cleachtóir príobháideach go tráthúil lena chinntiú go gcloítear le dátaí cúirte. Sa chás go dtarchuirtear cas do dhuine gar do dháta cúirte, déanfar teagmháil leis an aturnae lena chinntiú go mbeidh sé nó sí in ann freastal air.
Tugann an Bord tús aite do chásanna de bhun an Achta um Chúram Leanaí 1991 agus ba cheart an coinne is luaithe agus is féidir a thabhairt do dhaoine ar seirbheáladh iarratais de bhun Alt 17, Alt 18 nó Alt 19 den Acht orthu.
• Le linn ionadaíocht a bheith á déanamh ar chliant, d’fhéadfadh an cliant a iarradh go bhfreastalódh a (h)aturnae ar cháschruinniú nó ar cháschruinnuithe a bheidh eagraithe ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Ba cheart d’aturnaetha a thabhairt faoi deara nach n-íoctar aon táille breise le haghaidh freastal ar a leithéid de chruinnithe.
• Tá gach aon seans ann go dtiocfaidh an cliant i láthair agus dada níos mó aige nó aici ach na páipéir cúirte lena n-áirítear aon orduithe éigeandála nó orduithe cúraim eatramhacha a rinneadh. Ba cheart treoracha mionteagaisc a ghlacadh i ndáil leis na sonraí fíorasacha agus an stair le déanaí. Ba cheart faisnéis nó comhairle a thabhairt freisin faoin bpróiseas cúirte agus faoi nádúr an iarratais a seirbheáladh ar an gcliaint. Má seirbheáladh iarratais um Chúram agus um Maoirseacht, ba cheart an difríocht idir an dá cheann a mhíniú. Ba cheart údarás a fháil freisin ón gcliant chun eolas a fháil ón nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
• Má tá Ordú Cúraim Éigeandála déanta ar bhonn ex parte ba cheart scríobh chuig aturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach agus nótaí a iarradh den fhianaise a tugadh os comhair na Cúirte de bhun an iarratais ex parte.
• Ba cheart tús a chur leis an bpróiseas maidir le hionchas an chliaint a bhainistiú. Ní mór an cliant a choinneáil ar an eolas faoin bpróiseas agus faoi na torthaí a d’fhéadfadh a bheith leis nó na torthaí is dócha a bheadh leis ach ag an am céanna a cinntiú go dtuigeann an cliant gur tusa a (h)ionadaí dlíthiúil agus go mbeidh tú ag déanamh ionadaíochta air nó uirthi chomh maith agus is féidir leat mar chuid de do dhualgas.
• Ba cheart dul i dteagmháil láithreach le haturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach chun cóipeanna d’obair shóisialta, tuairiscí síceolaíochta agus eile a fháil mar aon le cóipeanna de na nótaí d'aon cháschruinnithe a bhí ann. Ag brath ar shocruithe/chúinsí áitiúla, ba cheart údarás i scríbhinn ón gcliant a thabhairt don aturnae. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh an cháipéisíocht a fháil chomh luath agus is féidir. Ba cheart a iarradh ar aturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach a dhearbhú gurb é sin an t-ábhar go léir atá ar fáil agus an ndéanfar aon ábhar breise a chur ar fáil roimh an éisteacht Cúirte. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin sa litir seo nach bhfuil do chliant ag toiliú ábhar a chur ar fáil don Chúirt in éagmais toiliú sainráite.
• Níor cheart dearmad a dhéanamh i rith an cháis, gur 'cúirt fiosrúcháin' an Chúirt agus go gcaithfidh an Chúirt tús áite a thabhairt i gcónaí do leas an linbh agus go gcaithfidh sí aird chuí a thabhairt ar mhianta an linbh agus aird a thabhairt ar an bprionsabal gurb iondúil gurb é leas is fearr an linbh go dtabharfaí é nó í ina chlann féin.
• Nuair a fhaightear an cháipéisíocht ó aturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach, ba cheart don aturnae athbhreithniú a dhéanamh uirthi, agus a chinntiú cad iad na hábhair imní a ba chúis le déanamh an iarratais agus na tacaíochtaí a chuir an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ar fáil is iad ag iarraidh déileáil leis na ceisteanna sin.
• I ndiaidh an athbhreithnithe ba cheart comhairliúchán breise a shocrú leis an gcliant. Is í an aidhm a ba cheart a bheith ag an gcomhairliúchán ná athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil san ábhar a fuarthas ón nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, le fáil amach cad iad na tacaíochtaí a chuir An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair bhuartha, chun plé a dhéanamh leis an gcliant cad iad na rudaí bhfuil sé nó sí ábalta agus toilteanach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní, chun iniúchadh a dhéanamh cad iad na roghanna malartacha a d’fhéadfaí a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach agus/nó faoi bhráid na cúirte agus chun iniúchadh a dhéanamh ar dearcadh an chliaint i leith an iarratais (na n-iarratas). Ba cheart méid suntasach ama a chaitheamh ar an gcomhairliúchán seo toisc go bhfuil sé tábhachtach a fháil amach cad iad na ceisteanna atá aontaithe agus cad iad na ceisteanna a bhfuil díospóid fúthu. Más rud é gur seirbheáladh imeachtaí cúraim agus go bhféadfadh imeachtaí maoirseachta a bheith mar rogha eile, ba cheart treoracha a ghlacadh cé acu an mbeadh an cliant toilteanach glacadh le hOrdú Maoirseachta nó nach mbeadh. Ba cheart treoracha a ghlacadh freisin le fáil amach an mian leis an gcliant conspóid a dhéanamh maidir leis an gcéad iarratas cúirte eile, go háirithe más é sin an chéad iarratas ag a mbeidh ionadaíocht dlíthiúil aige nó aici.
• Más mian leis an gcliant conspóid a dhéanamh faoin gcéad iarratais eile, ba cheart fiosrúcháin a dhéanamh láithreach le fáil amach cén fhianaise a d'fhéadfadh a bheith ar fáil chun tacú le cás an iarratasóra. Is minic a tharlaíonn sé go mbíonn lear mór eolais ag dochtúir teaghlaigh an chliaint mar gheall ar an teaghlach a d'fhéadfadh a bheith úsáideach. Má thugann an cliant le fios go bhféadfadh tacaíocht teaghlaigh níos leithne a bheith ar fáil, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis na daoine sin a deir an cliant go mb’fhéidir go mbeadh siad sásta tacaíocht a chur ar fáil. Ba cheart dul i dteagmháil leis na daoine a meastar go bhféadfadh siad fianaise a thabhairt a rachadh chun tairbhe chás an chliaint le fáil amach an mbeadh siad ar fáil chun fianaise a thabhairt.
• Ba cheart d’aturnae athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar atá curtha ar fáil ag aturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach agus ba cheart cinneadh a dhéanamh i gcomhairle leis an gcliant más gá, cad é an t-ábhar, má tá a leithéid ann, ar féidir é a chur faoi bhráid na cúirte i bhfoirm thuairisce sula gcuirfear tús leis an gcás. Má mheastar go bhfuil ábhar ann nár cheart a chur faoi bhráid na cúirte agus gurbh é an cleachtas áitiúil a bhí ann roimhe sin an t-ábhar sin a chur faoi bhráid na cúirte gan tagairt don bhfreagróir (do na freagróirí) nó dá c(h)omhairleoir dlíthiúil (dá gcomhairleoirí dlíthiúla), ba cheart scríobh chuig aturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach ag tabhairt le fios go soiléir nár cheart an t-ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte gan toiliú sainráite uaitse.
• Ba cheart aturnae smaoineamh freisin an mbeadh sé iomchuí go gceapfaí caomhnóir ad litem chun ionadaíocht a dhéanamh ar an leanbh. Má mheastar go mbeadh sé iomchuí iarratas den sórt sin a dhéanamh ba cheart don aturnae daoine féideartha a aithint a mheastar bheadh oiriúnach chun gníomhú mar caomhnóir ad litem. Nuair a bhíonn a n-oiriúnacht á meas ba cheart aird a thabhair ar a bhfuil i bhfoilseachán Bhord Comhairleach um Achtanna na Leanaí Giving a voice to children’s wishes feelings and interests. Leagtar amach sa doiciméad seo, i measc rudaí eile, na caighdeáin atá ag teastáil le go mbeadh duine incháilithe mar chaomhnóir ad litem. Ba cheart d’aturnae dul i dteagmháil le haturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach le fáil amach an bhféadfaí teacht ar chomhaontú maidir le chaomhnóir ad litem faoi leith a cheapadh.
• Ba cheart d’aturnae a réamh-mheas cén fhianaise is dócha a bheidh le tabhairt ar son na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach sa chéad iarratais eatramhach eile agus croscheistiú a ullmhú bunaithe ar an bhfianaise réamh-mheasta. Ba cheart d’aturnae ullmhú freisin chun a c(h)liant a threorú trína f(h)ianaise agus chun aon fhinnéithe eile a bheidh le glaoch thar ceann an chliaint a threorú trína bhfianaise freisin.
• Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun féachaint an bhfuil aon seans ann go bhféadfar teacht ar réiteach a bheadh inghlactha ag an gcliant agus ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhéachaint an bhféadfaí teacht ar chomhaontú faoi Ordú Maoirsithe ar an mbonn go ndéanfaí imeachtaí Cúraim a scriosadh amach nó go gcuirfí iad ar atráth ar feadh tréimhse ama gan ordú cúraim eatramhach a chur i bhfeidhm.
• Ba cheart don aturnae dul i gcomhairle le haturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach ar lá na héisteachta éigeandála/eatramhaigh le féachaint cad é an fhianaise a d’fhéadfaí teacht ar chomhaontú fúithi. D'fhéadfadh sé tarlú nach dtiocfar ar chomhaontú faoi aon fhianaise agus sa chás sin ba cheart don aturnae abhcóideacht a dhéanamh thar ceann an chliaint. Ba cheart go mbeadh aturnaetha san airdeall faoi rialacha fianaise agus ní mór dóibh a bheith cúramach go háirithe ó thaobh glacadh le fianaise chlostráchta. I dtaca leis seo ba cheart d’aturnaetha bheith san airdeall faoi fhorálacha Chuid III d'Acht na Leanaí 1997 agus go háirithe Alt 23 de.
• Ag éisteacht faoi aon iarratas eatramhach, féadfar iarratas a dhéanamh freisin le go gceapfar caomhnóir ad litem chun ionadaíocht a dhéanamh ar an leanbh (má mheastar gur cuí iarratas den sórt sin a dhéanamh agus faoi réir threoracha an chliaint - féach thuas).
• Má thugtar Ordú cúraim eatramhach ba cheart scríobh chuig an gcliant ag insint dó nó di faoin Ordú, faoi na hiarmhairtí a bhaineann leis, faoin chaoi a mbeidh an tOrdú i bhfeidhm go ceann tréimhse teoranta ama, an dáta ar dócha go mbeidh an éisteacht iomlán ann, agus na rudaí ar féidir leis an gcliant a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin ar tionscnaíodh na himeachtaí fúthu ar an gcéad dul síos. Más rud é gur tugadh mórchuid fianaise ag an iarratas eatramhach agus gur beag an dóchais atá ann go mbeifear in ann aon iarratais eatramhacha bhreise a chonspóid go rathúil, ba cheart an cliant a chur ar an eolas faoin scéal.
• Ba cheart machnamh a dhéanamh i ndiaidh na héisteachta eatramhaí ar straitéis fhadtéarmach a fhorbairt do stiúradh an cháis. D’fhéadfaí fhinnéithe saineolacha féideartha a aithint agus fiosrúcháin a dhéanamh le fáil amach an féidir leo measúnú a dhéanamh agus tuarascáil a ullmhú. Ba cheart go mbeadh speisialtacht ag aon fhinnéithe den sórt sa chaoi go mbeadh siad in ann tuairim shaineolaíocht a thabhairt ar shaincheist atá lárnach don chás. Féadfar údarás a iarraidh (roimh ré) chun táillí a íoc leo agus má thugtar an t-údarás sin féadfar iad a áirithiú. Ba cheart mionteagasc iomlán, cuí a thabhairt d’aon fhinnéithe saineolacha dá leithéid lena n-áirítear litir chuimsitheach teagaisc. Meabhraítear d’aturnaetha nár cheart aon fhinné saineolach a fhostú gan ceadú roimh ré ón mBord.
• Ba cheart a mheas go cúramach cibé ar chuir An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach an t-ábhar ábhartha ar fad ar fáil nó nár chuir lena n-áirítear gach comhad a bhaineann le hobair shóisialta. Is féidir iarratas ar fhollasú a dhéanamh más gá. In éagmais iarratas ar fhollasú, ba cheart smaoineamh ar iarratas a dhéanamh faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.
• Má bhíonn caomhnóir ad litem ceaptha, ba cheart teagmháil a dhéanamh le haturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach d'fhonn teacht ar chomhaontú faoi litir chomhpháirteach chuig an gcaomhnóir ag tabhairt eolais cúlra ábhartha dó nó di.
• Má bhí éisteacht conspóidithe ann níos luaithe faoi iarratas ar ordú cúraim eatramhach agus murar tháinig athrú suntasach ar na himthosca, is féidir a chur in iúl don chliant gur beag an tairbhe a bheadh ag baint le hiarratais eatramhacha bhreise a chonspóid agus go bhféadfadh sé a bheith chun a leasa gan iarratais eatramhacha eile a chonspóid agus go mb’fhearr díriú ar aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna nó ar na hábhair imní a ba chúis leis na himeachtaí.
• Ba cheart cóip de Dhréachtphlean um Chosaint Leanaí na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach a lorg ó aturnae na Gníomhaireachta roimh an éisteacht iomlán. Má chuirtear cóip ar fáil ba cheart an Plean a athbhreithniú agus d'fhéadfadh sé a bheith oiriúnach a iarraidh ar aon saineolaí a áirithíodh thar ceann an chliaint trácht a dhéanamh ar an Dréachtphlean. Ba cheart aird ghinearálta a thabhairt ar fhorálacha "Tús Áite do Leanaí", Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí a d'fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Leanaí (féach go háirithe ar chuid 5.9).
• Sula ndéanfar éisteacht iomlán ar an gcás ba cheart iarracht a dhéanamh i gcomhar le haturnae na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach chun comhaontú a dhéanamh faoin fhianaise a bhféadfaí a chomhaontú agus, más féidir, líon na saincheisteanna atá faoi dhíospóid a laghdú. Aithnítear go bhféadfadh sé a bheith deacair líon na saincheisteanna a laghdú mar gheall ar nádúr na n-imeachtaí. Ba cheart seiceáil a dhéanamh freisin an bhfuil finnéithe saineolacha ar fáil a d’fhéadfaí a ghlaoch le labhairt thar ceann an chliaint. Ba cheart cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás faoin gceanglas go mbíonn ar aon fhinné saineolach fianaise a chloisteáil ó finnéithe eile sa chás.
• Ag an éisteacht féin (más iarratas conspóidtithe é) ba cheart don aturnae a bheith san airdeall go bhféadfaí fianaise chlostráchta a thabhairt isteach thar ceann na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh lena chinntiú nach gcuirfear ach an fhianaise is fearr os comhair na Cúirte. Má tharlaíonn sé go gcuirtear tuarascálacha faoi bhráid na Cúirte/an Bhreithimh gan fhios ná toiliú an chliaint, ba cheart machnamh a dhéanamh an mbeadh sé iomchuí iarratas a dhéanamh go ndéanfadh an Breitheamh é féin nó í féin a scaoileadh ón chás. Mar chuid den mhachnamh sin, áfach, ba cheart aird a thabhairt ar an gcás ina iomláine. Mar shampla, má mheastar nach bhfuil aon ionchas ann go ndéanfar iarratas a chosaint go rathúil os comhair aon Cúirte, b'fhéidir go mbeidh sé riachtanach féachaint go cúramach cén tairbhe níos leithne a bheadh ag baint le imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, go háirithe ag féachaint d'fhorálacha alt 23 d’Acht na bliana 1991 a chuireann ar chumas Cúirte leanbh a choinneáil go héifeachtach faoi chúram fiú má chinneann sí go bhfuil ordú cúraim neamhbhailí.
• Ba cheart aird chúramach a thabhairt ar ról aon chaomhnóra ad litem a ceapadh agus go háirithe ar ról aon comhairleoirí dlíthiúla a d'fhéadfadh a bheith ag gníomhú thar ceann an chaomhnóra ad litem. Maidir leis an gcaomhnóir ad litem, ba cheart d’aturnaetha a bheith ar an eolas faoina bhfuil i bhfoilseachán Bhord Comhairleach um Achtanna na Leanaí Giving a voice to children’s wishes feelings and interests, ina dtugtar treoir maidir le ról, critéir ceapacháin, cáilíochtaí agus oiliúint na gcaomhnóirí ad litem a cheaptar de bhun an Achta um Chúram Leanaí 1991. Ba cheart d’aturnaetha aird a thabhairt ar an gcaoi nach bhfuil sa bhfoilseachán ach treoracha. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur aithin an Bord Comhairleach um Achtanna na Leanaí (BCAL) gurb é an ról atá ag an gcaomhnóir ad litem ná “mianta, braistintí agus leasanna an linbh a fháil amach go neamhspleách agus iad a chur i láthair don chúirt mar aon le moltaí".
• Maidir le ceapadh dlíodóirí le gníomhú thar ceann caomhnóra ad litem ba cheart d’aturnaetha a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon tagairt sa treoir do cheapadh dlíodóirí le gníomhú thar ceann caomhnóra ad litem, agus nach bhfuil aon fhoráil shainráite sa reachtaíocht trína gceadaítear dlíodóirí dá leithéid a cheapadh. Ina theannta ó is cosúil gurb oifigeach a cheapann an Chúirt an caomhnóir ad litem agus nach bhfuil sé nó sí ina pháirtí sna himeachtaí, is féidir argóint láidir a dhéanamh nach bhfuil sé nó sí i dteideal ionadaíocht dlíthiúil a fháil. In aon chás, ní bheadh sé de ról ag aon dlíodóirí a ceaptar chun gníomhú thar ceann an chaomhnóra ad litem ‘na bearnaí a líonadh isteach’ a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cásanna na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach. Má bhíonn aon ábhar imní ann go bhfuil an caomhnóir ad litem nó a dlíodóirí ag dul thar fóir lena ról ba cheart é sin a phlé ar bhealach cuí leis an gCúirt.
• Ba cheart d’aturnaetha gan dearmad a dhéanamh má cheaptar caomhnóir ad litem do leanbh, nach féidir aturnae a cheapadh freisin chun gníomhú thar cheann an linbh.
• Ba cheart aird a thabhairt le linn na héisteachta ar neart dealraitheach cás an iarratasóra. Is é fírinne an scéil i roinnt de na cásanna sin go bhféadfaí ‘ardphointe’ chás an chliaint a shroicheadh ag deireadh cur i láthair fianaise na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach. Ba cheart machnamh a dhéanamh an dtacódh sé lena chás nó nach dtacódh dá gcuirfí an cliant i gclár na mionn. Ba cheart iad a chur ar an eolas sula dtugann siad fianaise, go gcaithfear é sin a dhéanamh in ábhar chonspóidte agus go ndéanfadh dlíodóirí na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach iad a chroscheistiú. Ba cheart treoracha cúramacha a ghlacadh ina leith sin.
• Nuair a thugann an Chúirt a cinneadh, ba cheart aird a thabhairt ar cibé ar cheart iarratas a dhéanamh chun an cás a athbhreithniú ag tráth níos déanaí nó nár cheart. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar a iarraidh ar an gCúirt ordachán a dhéanamh go ndéanfar an t-ábhar a thabhairt ar ais os comhair na cúirte i gcás go dtarlódh aon athrú suntasach sa phlean um chosaint leanaí, mar shampla, dá dteipfeadh ar socrúchán altrama áirithe.
• Ag deireadh an cháis agus nuair a bheidh cinneadh déanta, ba cheart an cinneadh sin a chur in iúl don chliant mar aon le haon dátaí athbhreithnithe atá leagtha síos ag an gCúirt, agus a insint dó nó di faoin bhféidearthacht maidir le hiarracht a dhéanamh aon Ordú a d'fhéadfaí a dhéanamh níos faide anonn a chomhlíonadh dá dtarlódh aon athrú ar na cúinsí, faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamh agus faoin bhfiúntas nó eile a bhainfeadh leis sin, na bearta a meastar a d’fhéadfadh an cliant a dhéanamh chun feabhas a chur ar a chúinsí nó a cúinsí, an gá atá le fanacht i dteagmháil le an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach i ndáil le rochtain agus an fhéidearthacht maidir le hiarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi chúrsaí rochtana murar féidir socruithe cuí a chomhaontú leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
• Má shocraigh an Chúirt dáta athbhreithnithe laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag ba cheart an comhad a choimeád oscailte. Mura ndéantar aon dáta athbhreithnithe a shocrú nó má shocraítear dáta athbhreithnithe atá níos faide ná dhá mhí dhéag ón am sin ba cheart an comhad a dhúnadh agus a iarraidh ar an gcliant cur isteach arís ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ar sheirbhísí dlíthiúla le haghaidh an athbhreithnithe.
• Le linn cúrsa an cháis, ba cheart an cliant a choinneáil ar an eolas go neamhfhoirmiúil agus i scríbhinn faoi na bhforbairtí éagsúla, lena n-áirítear dátaí Cúirte. Tá gach aon seans go bhfuil saol an chliaint ina chíor thuathail. Cé go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh rannpháirtíocht chomh héifeachtach ag an gcliant is a bheadh ag cliant i gcás príobháideach dlí, tá sé thar a bheith riachtanach é nó í a choinneáil ar an eolas. Ní leor labhairt leis an gcliant, ba cheart scríobh chuige nó chuici go rialta.