Foréigean Teaghlaigh
Cad is Foréigean Teaghlaigh ann?
Is éard is foréigean teaghlaigh ann ná foréigean fisiceach, gnéasach nó síceolaíoch a bhagraíonn ar shábháilteacht nó ar leas bhaill an teaghlaigh agus ar dhaoine áirithe i gcaidrimh theaghlaigh eile.
An féidir mise agus / nó mo leanaí a chosaint ó dhuine foréigneach inár dteach sa bhaile?
Is féidir:
- Tuairisc a thabhairt do na Gardaí. Is coir é foréigean fisiciúil nó gnéasach. Tá sé de chumhacht ag na Gardaí duine atá foréigneach a ghabháil agus a chúiseamh.
- Iarratas a dhéanamh ar orduithe faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh.Féadfaidh cúirt orduithe cosanta, urchoiscthe agus/nó sábháilteachta a dheonú i gcoinne céile nó páirtí. Déantar na horduithe sin nuair is gá leas nó sábháilteacht an chéile nó an pháirtí eile agus/nó na leanaí cleithiúnacha a chosaint.
Cén cineál cosanta atá ar fáil faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh?
Tá ceithre phríomhchineál cosanta ar fáil ó na cúirteanna:-
- Ordú Sábháilteachta - cuirtear toirmeasc le hordú sábháilteachta ar dhuineordú agus/nó aon leanaí cleithiúnacha.
- Ordú Cosantais ordú sábháilteachta sealadach é ordú cosanta is féidir le cúirt a dheonú nuair a iarrann duine ordú sábháilteachta agus / nó ordú urchoisc. Ní mhaireann ordú cosanta ach amháin go dtí an éisteacht chúirte iomlán maidir leis an iarratas ar ordú sábháilteachta agus / nó ar ordú urchoisc;
- Ordú Urchoisc- éilíonn ordú urchoisc ar dhuine, a ndéantar an t-ordú ina choinne, baile (áit chónaithe) an duine atá ag cur isteach ar an ordú agus/nó leanaí cleithiúnacha a fhágáil agus fanacht glan amach ón áit chónaithe sin.
- Ordú Urchoisc Eatramhach is ionann ordú urchoisc eatramhach agus ordú urchoisc sealadach. Ní dhéantar é ach amháin in imthosca eisceachtúla os rud é go dtugtar é gan fógra ar bith don duine a bhfuil sé á dhéanamh ina c(h)oinne. I gcás ina bhfuil an chúirt den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil baol láithreach ann go dtarlódh díobháil shuntasach don iarratasóir nó d’aon duine cleithiúnach, féadfaidh sí ordú eatramhach a dheonú. Ní féidir le hordú eatramhach a thugtar gan fógra ar bith don duine a bhfuil sé á dhéanamh ina c(h)oinne seasamh níos faide ná ocht lá. Féadfar orduithe eile a dhéanamh go dtí go ndéantar an cás a éisteacht ina iomlán.
Cé chomh fada is a mhaireann ordú?
Is féidir leis an gCúirt Dúiche:
- ordú sábháilteachta a dhéanamh ar feadh aon tréimhse suas go dtí uasmhéid cúig bliana; agus
- ordú urchoisc a dhéanamh ar feadh aon tréimhse suas go dtí uasmhéid trí bliana.
Féadfar na horduithe sin a athnuachan. Féadfaidh an Chúirt Chuarda agus an Ard-Chúirt orduithe a dhéanamh ar feadh tréimhsí neamhtheoranta.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar réitigh um foréigean teaghlaigh?
Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar orduithe faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh:-
- céilí;
- páirtithe sibhialta;
- comhchónaitheoirí a shásaíonn ceanglais aontíos céileachais / maoine áirithe;
- tuismitheoirí clann fásta ar mian leo orduithe a lorg i gcoinne na leanaí sin;
- daoine atá ina gcónaí le chéile i gcaidreamh nach mbaineann bonn conarthach leis; agus
- tuismitheoir linbh in aghaidh an tuismitheora eile.
Cathain is féidir le cúirt ordú sábháilteachta a dheonú do chomhchónaitheoirí?
Féadfaidh cúirt ordú sábháilteachta a dheonú (lena n-áirítear ordú cosanta) más rud é go raibh na páirtithe ag cónaí le chéile i ndlúthchaidreamh tiomanta.
Cathain is féidir le cúirt ordú urchoisc a dheonú do chomhchónaitheoirí?
Féadfaidh cúirt ordú urchoisc a dheonú do chomhchónaitheoirí a bhí ina gcónaí le chéile ar feadh sé mhí le linn na tréimhse naoi mí sula ndearnadh an t-iarratas ar chosaint.
Cathain NACH féidir le cúirt ordú urchoisc a dheonú do chomhchónaitheoirí?
Ní dhéanfar ordú urchoisc i gcoinne comhchónaitheora ar leis nó léi an áit chónaithe nó a bhfuil cearta úinéireachta níos mó aige nó aici ná mar atá ag an duine atá ag comhchónaí agus atá ag lorg cosanta.
An féidir liom cosaint a fháil ó leanbh fásta?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ordú sábháilteachta nó ar ordú urchoisc i gcoinne leanbh fásta atá maslach.
Cathain NACH dtabharfaidh an chúirt ordú urchoisc i gcoinne linbh?
Ní thabharfaidh an chúirt ordú urchoisc i gcoinne linbh;
- ar leanbh cleithiúnach é nó í;
- ar leis nó léi an áit chónaithe; nó
- a bhfuil cearta úinéireachta níos mó aige nó aici ná mar atá ag an tuismitheoir atá ag lorg cosanta;
Cathain is féidir le daoine a chónaíonn le chéile iarratas a dhéanamh ar chosaint i gcoinne a chéile?
Féadfaidh daoine a chónaíonn le chéile sa teach céanna iarratas a dhéanamh ar chosaint i gcoinne a chéile. Ní mór don té a bhfuiltear ag lorg cosanta ina c(h)oinne a bheith os cionn 18 mbliana d'aois. Ní dheonóidh an chúirt cosaint, áfach, má mheasann sí go bhfuil gaol conarthach idir na daoine.
An féidir le leanbh cleithiúnach iarratas a dhéanamh ar chosaint?
Níl. Féadfaidh tuismitheoir iarratas a dhéanamh ar chosaint thar ceann a linbh féin.Féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarratas a dhéanamh ar chosaint thar ceann duine agus/nó leanaí cleithiúnacha an duine sin sa chás nach féidir leis an duine sin iarratas a dhéanamh é nó í féin.
Cad a tharlaíonn mura ngéilleann duine d’ordú cúirte?
Is cion coiriúil é sárú ordaithe ar bith a dhéantar faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh. Féadfaidh na Gardaí duine a sháraíonn ordú den chineál sin a ghabháil agus a chúiseamh. Cionta coiriúla eile Cibé an faoin reachtaíocht foréigin teaghlaigh a dhéantar orduithe cúirte nó nach ea, is coir é foréigean fisiceach agus/nó gnéasach. Tá sé de chumhacht ag na Gardaí duine atá foréigneach a ghabháil agus a chúiseamh. I gcás daoine pósta, is coir atá ann freisin rudaí leis an teaghlach a thógáil as áras an teaghlaigh chomh fada is atá imeachtaí ar feitheamh faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh. Féadfaidh an Chúirt orduithe eile a dhéanamh ag an am céanna le hOrduithe um Fhoréigean Teaghlaigh Fad is atá an Chúirt ag éisteacht an iarratais maidir le hordú nó orduithe faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh, is féidir léi orduithe cothabhála, coimeádta agus rochtana, orduithe maidir le cúram leanaí agus orduithe faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh a dhéanamh freisin. Is fearr le cúirteanna go hiondúil go ndéanfaí iarratais ar leithligh i gcás na n-orduithe sin.
An Cheannoifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teil: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035
Uimh. Íosghlao 1890 615 2000