Nós imeachta gearáin
Gnásanna gearán
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh mura bhfuil an tseirbhís a fhaigheann tú uainn ar na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt seo, nó má chreideann tú nach raibh gníomh ná cinneadh a ghlacamar de réir na rialacha, na nósanna ná an pholaisí atá againn. Más mian leat gearán a dhéanamh tá gnásanna gearán an Bhoird leagtha amach ina n-iomláine i Gnás Gearán agus Cúraim Chustaiméirí atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird www.legalaidboard.ie agus in aon oifig den Bhord.
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh maidir leis an iarratas a rinne tú ar chúnamh dlíthiúil/comhairle dlí, féadfaidh tú iallach a chur orthu an cinneadh a athbhreithniú nó achomharc a dhéanamh ina choinne chuig coiste achomhairc de chuid an Bhoird. Tá na socruithe maidir le hachomhairc leagtha amach i Seirbhísí Dlí a Aistarraing.
An bhfuil aon réiteach eile ar fáil dom?
Tá Oifig an Ombudsman i dteideal i gcás cúinsí áirithe aon ghníomh a ghlac an Bord lena fheidhmeanna riaracháin a dhéanamh a fhiosrú. Níl Oifig an Ombudsman i dteideal ámh na seirbhísí dlí a chur aturnaetha an Bhoird nó aturnaetha príobháideacha atá ag cur seirbhísí ar fáil thar ceann an Bhoird a fhiosrú. Mar sin má tá gearán agat faoi sheirbhís dlí atá tú ag fáil ó d'aturnae, níl ról ar bith ag Oifig an Ombudsman ann.
Is iad seo a leanas Sonraí Teagmhála Oifig an Ombudsman:
Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Íos-ghlao: 1890 223030
R-phost: Ombudsman@ombudsman.gov.ie
Má tá tú i do leanbh nó i do dhuine óg faoi 18 mbliana d’aois nó i do dhuine fásta a bhfuil aithne air/uirthi ar leanbh nó ar dhuine óg faoi 18 mbliana d’aois a bhraitheann tú go bhfuiltear ag caitheamh go míchothrom leis/léi, nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh i dtaobh do ghearáin, is fút féin atá sé teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí. De réir an dlí féadfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí gearáin a fhiosrú faoi aon ghníomhartha nó gnásanna riaracháin linn chomh maith le moill nó easpa gníomhaíochta a bhí ann ag déileáil linn. Cuireann an tOmbudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearáin neamhchlaonta neamhspleách saor in aisce ar fáil.
Is iad seo a leanas sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman do Leanaí:
Oifig an Ombudsman do Leanaí
52-56 Sráid na Tráth Mhór
Baile Átha Cliath 1
Saorghlao: 1800 20 20 40
R-phost: ococomplaint@oco.ie
Is fiú a lua nach mbaineann sainchúram Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí ach le gearán i dtaobh gníomh a ghlac an Bord i ndiaidh 1 Bealtaine, 2013. Níl aon sainchúram acu i dtaca le haon ghníomh ná cinneadh a ghlac an Bord roimh an dáta sin. Ní fhiosróidh an tOmbudsman ná an tOmbudsman do Leanaí aon ghearáin atá déanta lena oifig ach i gcás gur bhain an gearánaí leas iomlán as próiseas inmheánach gearáin an Bhoird agus/nó as bealaí eile an Bhoird chun achomharc a dhéanamh sula ndearna sé/sí gearán leis na hoifigí.
Is iad seo a leanas sonraí teagmhála Cheannoifig an Bhoird:
Ceannoifig: An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teil: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035
Uimhir Áitiúil. 1890 615 2000
Suíomh gréasáin: www.legalaidboard.ie