Íospartaigh agus Finnéithe na Coireachta
Más íospartach coireachta tusa nó duine éigin i do theaghlach nó má fhiannaigh tú coir á déanamh, beidh tú i do chuid den chóras dlí choiriúil.
Tá teacht ar Threoir don Chóras Dlí Choiriúil agus an tslí a fheidhmíonn sé ar shuíomh Gréasáin an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Reáchtálann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí líne chabhrach d’íospartaigh na coireachta :
Saorghlao: 116 006 Téacs: 085 133 7711 Ríomhphost: info@crimevictimshelpline.ie Suíomh Gréasáin: www.crimevictimshelpline.ie
Níl cúnamh dlí ar fáil go ginearálta d’íospartaigh na coireachta. Mar sin féin, soláthraíonn an Bord seirbhís comhairle dlí saor in aisce d’íospartaigh gáinneáil ar dhaoine agus do ghearánaigh i gcásanna éignithe agus cásanna áirithe ionsaithe gnéis . Chomh maith leis sin, soláthraíonn an Bord ionadaíocht dhlíthiúil do ghearánaigh i dtrialacha éignithe agus i dtrialacha áirithe ionsaithe gnéis áit a ndéantar iarratas ar fhianaise a thabhairt ar aird ar stair ghnéis an ghearánaigh, nó iarratas ar an ngearánach a chroscheistiú maidir lena stair ghnéis.