Coinne idirghabhála a shocrú
Cén chaoi a bhfaighidh mé Coinne Idirghabhála?
Glaoigh ar cheann de na hoifigí chun do spéis a léiriú chun freastal ar idirghabháil nó má fhreastalaíonn tú ar oifig atá suite sa chúirt ní gá duit ach bualadh isteach. Iarrfaimid ort do shonraí teagmhála a chur ar fáil chun comhad nua a oscailt.
Ní mór do do chéile/pháirtí teagmháil a dhéanamh leis an oifig chéanna chomh maith, lena spéis féin chun freastal ar idirghabháil a léiriú, mar sin ba cheart duit é nó í a chur ar an eolas gur mhaith leat é nó í déanamh amhlaidh. I gcásanna áirithe, féadfaidh deacracht a bheith agat cumarsáid a dhéanamh le do chéile/pháirtí. Más amhlaidh an cás, féadfaimid (más mian leat) litir a sheoladh chuig do chéile/pháirtí ag insint dó/di gur chláraigh tú agus cuireadh a thabhairt dó/di teagmháil a dhéanamh linn chun eolas breise faoin tseirbhís a fháil.
A luaithe agus a dheimhneoidh an bheirt agaibh go bhfuil spéis agaibh ann, cuirfimid bhur gcás ar an liosta feithimh. Féadfaidh tú tuilleadh a fháil amach faoi na liostaí feithimh anseo. Inseoimid duit (le litir nó tríd an bhfón) cathain a bheidh do choinne.
Níl áiseanna cúraim leanaí sna n-oifigí idirghabhála atá againn, agus mar sin ní cheadóimid leanaí faoi 14 bliana d'aois a thabhairt isteach go dtí an oifig idirghabhála