Na Difríochtaí idir Chúnamh Dlí Coiriúil agus Chúnamh Dlí Sibhialta
Cad is Cúnamh Dlí ann?
Mura bhfuil sé in acmhainn duine dlíodóir a íoc é/í féin, is féidir leo cúnamh dlí a fháil. Is é atá i gceist le cúnamh dlí ná go gcuirtear comhairle dlí agus ionadaíocht sa chúirt ar fáil dóibh.
Chun eolas a fháil faoi chúnamh dlí coiriúil, dean teagmháil le Cléireach/Cláraitheoir na cúirte áirithe ina mbeidh tú i láthair.
Tuilleadh eolais faoi chúnamh dlí sibhialta.
Cad é an difríocht idir chúnamh dlí coiriúil agus chúnamh dlí sibhialta?
Is seirbhísí ar leith iad cúnamh dlí coiriúil agus cúnamh dlí sibhialta.
Na Cúirteanna a dheonaíonn cúnamh dlí coiriúil. Os a choinne sin, muidne a chuireann cúnamh dlí sibhialta ar fáil.
Is é atá i gceist le cúrsaí coiriúla ná cionta coiriúla a ionchúiseamh. Is é atá i gceist le cúrsaí sibhialta ná díospóidí idir dhuine amháin agus dhuine eile/eagraíocht.
Samplaí de chionta coiriúla:
• Dúnmharú/dúnorgain
• Éigniú
• Goid
• Calaois
• Ionsaí
• Cionta mótarthráchta
• Cionta i gcoinne an Stáit (e.g. sceimhlitheoireacht)
Samplaí de dhíospóidí dlí coiriúil:
• Díospóidí teaghlaigh – cliseadh pósta agus díospóidí a bhaineann le páistí san áireamh
• Caingne Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlach (Tusla) chun páistí a chur faoi chúram an stáit nó chun maoirseacht a dhéanamh orthu ina mbaile féin
• Caingne chun cúitimh a ghnóthú mar thoradh ar ghortú a rinneadh ar dhuine
• Caingne chun cúitimh a ghnóthú mar thoradh ar shárú conartha
• Díospóidí a bhaineann le réadmhaoin
• Díospóidí le fostóirí
Conas iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí?
Is muidne a dheonaíonn cúnamh dlí sibhialta. Ní mór foirm iarratais a chomhlánú agus é a chur ar ais chuig aon cheann d’ár ionaid dlí. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chomh maíth tríd ár bhfoirm iarratais ar-líne. Is iad na Cúirteanna a dheonaíonn cúnamh dlí coiriúil. Ní mór ráiteas acmhainne a chur i gcrích agus é a thabhairt don bhreitheamh. An breitheamh a dhéanann an cinneadh maidir le cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú.
An bhfuilim i dteideal cúnamh dlí?
I gcás cúnamh dlí choiriúil, déanfaidh an breitheamh breathnú ar d’acmhainn agus ar cad ba chóir dó a dhéanamh ar mhaithe le ceart dlí: cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú (ag brath ar cé chomh tromchúiseach is atá an cúiseamh, nó ar chúinsí eisceachtúla, má tá a leithéid i gceist). Ní bhaineann aon teorainn ar leith le cúrsaí acmhainne agus is faoi gach breitheamh ar leith a bhíonn sé cúnamh dlí a dheonú má cheapann sé nach leor d’acmhainn féin.
I gcás cúnamh dlí shibhialta, is bunaithe ar d’fhoirm iarratais a bheidh aon chinneadh cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú. Cuirfimid ioncam indiúscartha (i ndiaidh dúinn liúntais a dheonú) agus caipiteal an iarratasóra san áireamh inár mbreithniúchán. Ní féidir linn comhairle dlí a dheonú má tá ioncam indiúscartha níos mó ná €18,000 nó má tá caipiteal indiúscartha (gan teach cónaithe a chur san áireamh) níos mó ná €100,000 ag iarratasóir. Más gá dul os comhair na Cúirte, déanfaidh dlíodóir iarratas ar do shon i gcomhair deimhniú cúnamh dlí a fháil. Ag an am sin, déanfaimid machnamh ar thuillteanais an cháis roimh cinneadh a dhéanamh cúnamh dlí a dheonú nó gan é a dheonú. Tá teacht ar a thuilleadh eolais anseo maidir le cáiliú le haghaidh cúnamh dlí shibhialta.