Colscaradh
Conas a fhaighim colscaradh?
Más mian leat deireadh a chur le pósadh dlíthiúil reatha, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig cúirt (An Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt) chun ordú colscartha a fháil. Is féidir teacht ar chomhaontú maidir le téarmaí colscartha idir fear céile agus bean chéile, ach ní mór don Chúirt an colscaradh a dheonú.
Cén chomhairle a chuirfidh aturnae orm?
Míneoidh aturnae an próiseas maidir le colscaradh a lorg agus na horduithe eile a fhéadfaidh cúirt a dhéanamh agus colscaradh á dheonú aici. Tá dualgas ar aturnae freisin comhairle a chur ort maidir leo seo a leanas:
- seirbhísí comhairleoireachta a d’fhéadfadh cabhrú chun athmhuintearas a chothú idir tú féin agus do chéile;
- seirbhísí idirghabhála a d’fhéadfadh cabhrú leat agus le do chéile téarmaí colscartha a idirbheartú agus a chomhaontú; agus
- an fhéidearthacht maidir le comhaontú idirscartha a idirbheartú in ionad colscaradh a fháil.
Cad iad na forais lena ndeonódh cúirt colscaradh?
Deonóidh cúirt colscaradh sa chás:
- gur mhair sibh ina n-aonar ar feadh tréimhse nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad le linn na cúig bliana roimhe sin;
- nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfar athmhuintearas idir tú féin agus do chéile; agus
- go bhfuil sí sásta go bhfuil foráil cheart déanta, nó go ndéanfar foráil cheart, do gach céile agus do leanaí cleithiúnacha ar bith.
An gá dom a bheidh idirscartha ó thaobh an dlí de chun colscaradh a fháil?
Ní gá, níl sé riachtanach idirscaradh dlíthiúil a fháil chun colscaradh a fháil.
Orduithe breise
Agus ordú colscartha á dhéanamh aici, féadfaidh an Chúirt orduithe eile a dhéanamh maidir le hábhair cosúil le:-
- socruithe coimeádta agus rochtana maidir le leanaí cleithiúnacha;
- foráil airgeadais don chéile cleithiúnach agus do na leanaí cleithiúnacha trí chothabháil arna híoc ag idirthréimhsí socraithe agus/nó trí chnapshuimeanna;
- céile a eisiamh ó áras an teaghlaigh tríd an gceart maidir le cónaí in áras an teaghlaigh a thabhairt don chéile eile ar feadh a s(h)aoil nó ar feadh tréimhse socraithe;
- céile a urchosc ó áras an teaghlaigh tríd an gcéile sin a chosc ar dhul isteach ann agus ar fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an gcéile eile agus/nó a gcuid leanaí. Nó gan céile a chosc ar dhul isteach in áras an teaghlaigh, féadfaidh an chúirt ordú sábháilteachta a dhéanamh lena ndéantar céile a thoirmeasc ó fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an gcéile eile agus/nó a gcuid leanaí;
- socruithe réadmhaoine i ndáil le háras an teaghlaigh agus le réadmhaoin eile an teaghlaigh ar mhaithe le ceachtar den bheirt chéile agus/nó leanaí cleithiúnacha, mar shampla:
- an ceart a thabhairt do chéile amháin cónaí sa réadmhaoin ar feadh a s(h)aoil nó ar feadh tréimhse socraithe;
- ordú a dhéanamh an réadmhaoin a dhíol, faoi réir coinníollacha; nó
- an réadmhaoin a chur i gcomhainmneacha nó in ainm aonair dhuine de na céilí;
- cúiteamh airgeadais lena ndéantar foráil i gcomhair slándáil airgeadais céile amach anseo trí pholasaithe árachais agus lena n-éilítear ar cheachtar den bheirt chéile:
- polasaí árachais a thógáil amach chun sochair an chéile a dhéanann iarratas nó an linbh chleithiúnaigh; agus/nó
- an sochar atá ag gabháil le polasaí árachais reatha a shannadh don chéile a dhéanann iarratas; agus/nó
- na préimheanna ar pholasaí a íoc;
- cearta oidhreachta/comharbais gach céile i gcoinne an chéile eile. Tar éis an cholscartha níl na páirtithe ina gcéilí dá chéile a thuilleadh agus níl gnáthchearta oidhreachta céile acu dá bharr. Tá cásanna áirithe ann fós áfach inar féidir le céile iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát an iar-chéile;
- socruithe pinsin lena n-athraítear teidlíocht pinsin ceachtar den bheirt chéile. Ní dhéanfaidh an chúirt é seo, áfach, ach amháin mura bhfuil foráil cheart déanta, nó murar féidir sin a dhéanamh, don chéile agus do na leanaí trí orduithe airgeadais eile a dhéanamh. Féadfaidh céile ordú den chineál sin a lorg chun a leasa féin nó chun leasa linbh chleithiúnaigh. I gcás ina mbaineann céile sochar as ordú a dhéanamh lena n-athraítear cearta pinsin in imeachtaí idirscartha bhreithiúnaigh, féadfaidh an chúirt an sochar a mhéadú in imeachtaí colscartha ina dhiaidh sin;
- féadfar déileáil le nithe éigeandála sealadacha roimh iarratas ar idirscaradh breithiúnach a éisteacht, mar shampla sa chás ina bhfuil céile amháin:
- ag tabhú fiacha agus ag cur áras an teaghlaigh nó réadmhaoin eile i mbaol;
- ag bagairt airgead a bhaint as cuntais bhainc nó íocaíocht iomarcaíochta / aisce / cúitimh / damáistí atá sé nó sí ar tí a fháil nó atá faighte aici le déanaí a chaitheamh nó a chur i bhfolach; nó
- ag bagairt ábhair an tí nó sócmhainní eile teaghlaigh a thógáil as áras an teaghlaigh nó a dhíol.
An féidir liom pósadh in athuair nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta tar éis colscaradh a fháil?
Is féidir. Tugann foraithne colscartha an ceart duit pósadh arís nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta.
Má phósann tú arís:
- ní féidir leat leanúint ar aghaidh ag éileamh cothabhála duit féin ó d’iarchéile; féadfaidh tú, cothabháil a éileamh i leith leanaí cleithiúnacha ón bpósadh roimhe sin áfach;
- ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar sciar ar bith d'eastát d’iarchéile nuair a gheobhaidh an t-iarchéile sin bás; agus
- ní féidir leat ordú coigeartaithe réadmhaoine a fháil i d’fhabhar.
An féidir aitheantas a thabhairt in Éirinn do cholscaradh a fuair mé thar lear?
Má fhaigheann tú colscaradh lasmuigh d'Éirinn, féadfar an colscaradh a aithint in Éirinn sa chás ina bhfuarthas é i dtír ina raibh sainchónaí ar cheachtar den bheirt chéile.
Is coincheap casta dlíthiúil é an sainchónaí. I dtéarmaí ginearálta, áfach, tá sainchónaí ar dhuine sa tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi agus a bhfuil sé i gceist aige nó aici cónaí inti go buan. Is féidir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar dhearbhú maidir le bailíocht colscartha a fuarthas thar lear.
Sa chás ina bhfuil colscaradh a fuarthas thar lear bailí, baineann na nithe seo a leanas leis an duine a fuair an colscaradh:-
- tá sé nó sí i dteideal pósadh arís.
- d'fhéadfadh go mbeadh sé nó sí i dteideal orduithe airgeadais agus réadmhaoine a lorg i gcoinne a (h)iarchéile, ar an gcoinníoll nár phós an duine a fuair an colscaradh atá ag déanamh iarratais ar orduithe den chineál sin in athuair;
- féadfaidh sé nó sí cosaint a lorg faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh;
- níl sé nó sí i dteideal teacht in oidhreacht ó eastát a (h)iarchéile; agus
- níl sé nó sí i dteideal na cosanta a thugtar do chéilí i ndáil le háras an teaghlaigh.
An féidir liom colscaradh a fháil má táim i bpáirtnéireacht shibhialta?
I gcás páirtnéireachtaí sibhialta, is ionann díscaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus colscaradh. Féadfaidh duine ar dhíscaoileadh a p(h)áirtnéireachta sibhialta dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó pósadh. Féadfaidh Cúirt páirtnéireacht shibhialta a dhíscaoileadh sa chás go raibh na páirtnéirí sibhialta ina gcónaí ina n-aonar ar feadh tréimhse, nó ar feadh tréimhsí ar ionann iad agus, dhá bhliain den trí bliana roimhe sin agus go ndéantar foráil cheart don bheirt acu.
An Cheannoifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teil: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035
Uimh. Íosghlao 1890 615 2000