Cothabháil
Cothabháil Cad is cothabháil ann?
Éilítear ar chéilí / ar pháirtithe sibhialta a chéile a chothabháil ó thaobh airgeadais de ag féachaint dá gcuid acmhainní agus riachtanas. Is éard is cothabháil ann ná tacaíocht airgeadais a íocann duine amháin ar mhaithe lena gcéile /páirtí sibhialta/ agus / nó leanaí cleithiúnacha.
An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chothabháil ó mo chéile/ mo pháirtí sibhialta fiú má chónaím leis/léi?
Féadfaidh céile / páirtí sibhialta iarratas a dhéanamh ar chothabháil fiú má chónaíonn sé nó sí leis an gcéile/bpáirtí sibhialta eile.
An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chothabháil ó m’iarpháirtí más rud é nach bhfuilimid pósta?
Is iondúil nach féidir leat ach iarratas a dhéanamh ar chothabháil chun do leanaí a chothú i ndálaí den chineál sin. Más "comhchónaitheoir cáilithe" tú, áfach, d’fhéadfadh sé gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar chothabháil chun tú féin a chothú. Chun a bheith i do "chomháitritheoir cáilithe" ní mór duit a bheith tar éis cónaí le d’iarpháirtí ar feadh dhá bhliain ar a laghad má tá leanaí agaibh nó cúig bliana ar a laghad mura bhfuil leanaí agaibh. Ina theannta sin ní féidir leatsa ná le d’iarpháirtí a bheith pósta le duine éigin eile, nó má tá ceachtar agaibh pósta, ní mór don duine (daoine) atá pósta a bheith ag cónaí ina n-aonar ar feadh ceithre bliana de na cúig bliana seo caite ar a laghad. Féach Cearta Comhchónaitheoirí chun tuilleadh eolais a fháil.
Cé atá freagrach as leanaí a chothabháil?
Tá an bheirt thuismitheoirí, bídís pósta nó scaoilte, freagrach as a gcuid leanaí a chothabháil.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh chun leanbh a chothabháil?
Féadfaidh tuismitheoir, caomhnóir dlíthiúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó aon duine eile lena mbaineann stádas dlíthiúil maidir le leanbh cleithiúnach iarratas a dhéanamh ar chothabháil i leith an linbh sin. Is ionann leanbh cleithiúnach agus:
- duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois;
- duine atá faoi bhun trí bliana fichead agus in oideachas lánaimseartha; nó
- duine atá cleithiúnach ar a t(h)uismitheoirí de bharr míchumais.
Cad is féidir liom a dhéanamh más rud é nach bhfuilimid in ann teacht ar chomhaontú maidir le cothabháil?
Sa chás sin, ní mór duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda. Braitheann an chúirt chuig a ndéanann tú an t-iarratas ar an méid cothabhála atá á lorg agat.
An Chúirt Dúiche
Faoi láthair féadfaidh an Chúirt Dúiche suim ar bith suas go €500.00 in aghaidh na seachtaine a dheonú i gcás céile / páirtí sibhialta agus €150.00 in aghaidh na seachtaine i gcás gach linbh.
An Chúirt Chuarda
Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda má tá os cionn €500.00 do chéile / pháirtí sibhialta agus os cionn €150.00 in aghaidh na seachtaine do gach leanbh á lorg agat.
An bhféadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda araon orduithe cnapshuime cothabhála a dhéanamh?
Féadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda araon orduithe cnapshuime cothabhála a dhéanamh, cé nach féidir leis an gCúirt Dúiche ordú mó ná €15,000.00 a dhéanamh faoi láthair.
Conas is féidir cothabháil a íoc?
D'fhéadfadh ordú cothabhála treoir a thabhairt do pháirtí amháin cothabháil a íoc go díreach leis an bpáirtí eile in airgead tirim nó chuig banc nó cuntas eile. Féadfaidh an Chúirt a ordú freisin go n-íocfar an chothabháil le Cléireach na Cúirte Dúiche, a chuireann ar aghaidh an íocaíocht chuig an duine a bheidh á fáil. Is é an buntáiste a bhaineann leis sin ná, sa chás ina bhfuil riaráistí cothabhála i gceist, go ndéanfaidh Cléireach na Cúirte Dúiche iarracht íocaíocht a fhorfheidhmiú, in áit iallach a bheith ar an bpáirtí a bheidh ag fáil an airgid sin a dhéanamh.
Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil an chothabháil atá dlite dom á híoc?
Mura bhfuil an chothabháil á íoc is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar:-
- ordú um astú tuillimh. Ní féidir sin a dhéanamh mura bhfuil an páirtí is íocóir fostaithe. Tugann an t-ordú um astú tuillimh treoir dá f(h)ostóir an chothabháil a asbhaint óna c(h)uid tuillimh agus í a chur ar aghaidh chuig cléireach na cúirte nó chuig an bpáirtí a bheidh ag fáil na cothabhála; nó
- ordú forfheidhmithe i leith riaráistí cothabhála. Is féidir é sin a dhéanamh cibé an bhfuil an páirtí is íocóir fostaithe nó nach bhfuil. Féadfaidh an chúirt barántas gabhála a eisiúint don pháirtí is íocóir má chliseann air/uirthi a bheith os comhair na cúirte tar éis do na himeachtaí forfheidhmithe a bheith seirbheáilte air/uirthi. Is é an smachtbhanna deiridh ná go bhféadfar an páirtí is íocóir a chur i bpríosún má chruthaítear don chúirt go bhfuil sé nó sí neamhthoilteanach seachas neamhábalta a íoc. Sochair leasa shóisialaigh Má dhéanann tú iarratas chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh an Roinn sin ort iarratas a dhéanamh ar chothabháil, má tá tú i dteideal cothabhála agus nach bhfuil sí á fháil agat.
Conas is féidir cothabháil a athrú nó a thabhairt chun críche?
Féadfaidh duine a íocann nó a fhaigheann cothabháil iarratas a dhéanamh athuair chuig an gcúirt a rinne an t-ordú cothabhála le haghaidh:
- éagsúlú ar an ordú cothabhála, .i. athrú ar mhéid na cothabhála, mar shampla, d'fhéadfadh páirtí suim níos mó a lorg.
- ordú cothabhála a urscaoileadh, is é sin, oibleagáid íoctha a thabhairt chun críche. Go ginearálta, déantar na hiarratais sin sa chás ina dtarlaíonn athrú ar imthosca an chéile atá ag íoc ó rinneadh an t-ordú ar dtús.
- Má tá iarratas á dhéanamh ar an urscaoileadh mar nach bhfuil ar chumas an duine a bhfuil an chothabháil á híoc aige nó aici í a íoc, beidh air nó uirthi é sin a chruthú don Chúirt.
Féadfaidh an Chúirt cinneadh a dhéanamh an chothabháil a éagsúlú nuair atá iarratas forfheidhmithe á láimhseáil aici agus nuair atá sé soiléir go bhfuil athrú tagtha ar dhálaí ó rinneadh an t-ordú cothabhála.
An féidir cothabháil a fháil ó dhaoine a chónaíonn i dtíortha eile?
Is féidir ordú cothabhála a fháil agus a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine a chónaíonn i dtíortha áirithe thar lear. Is féidir tuilleadh eolais maidir le cothabháil ó chéile nó ó pháirtí a chónaíonn thar lear a fháil ó d’oifig áitiúil dlí.
An Cheannoifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teil: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035
Uimh. Íosghlao 1890 615 2000