Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta do Ghearánaigh i gCásanna Éignithe agus i gCásanna Áirithe Ionsaithe Ghnéasaigh
Tagraíonn an téarma ‘gearánach’ sa bhileog seo do dhuine a bhfuil gearán déanta aici nó aici leis na Gardaí faoi éigniú agus/nó ionsaí gnéasach a bhfuil tús curtha le himeachtaí coiriúla ina leith i gcoinne an duine a líomhnaítear a bheith freagrach.
Seirbhísí a chuirtear ar fáil
Soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dlí agus cúnamh dlíthiúil, .i. ionadaíocht sa chúirt, do ghearánaigh i gcásanna áirithe ionsaithe ghnéasaigh.
Tá dhá sheirbhís dhifriúla ar fáil agus pléitear gach ceann acu as a chéile sa bhileog seo:
1. Seirbhís chomhairle dlí
Tá comhairle dlí ar fáil do ghearánach in ionchúiseamh i leith cionta áirithe gnéasacha, más mian leis nó léi comhairle a lorg faoin ábhar. Ní gá do dhuine ar mian leis nó léileas a bhaint as an tseirbhís seo dul faoi thástáil acmhainne nó ranníocaíocht a dhéanamh leis an mBord le haghaidh na seirbhíse.
2. Seirbhís chúnaimh dhlíthiúil
Tá cúnamh dlíthiúil ar fáil do ghearánach i gcásanna áirithe ionsaithe ghnéasaigh sa chás ina n-ardaíonn duine a bhfuil ceann nó níos mó de na cionta seo a leanas ina leith stair ghnéasach an ghearánaigh roimhe seo:
- cion éignithe;
- tromionsaí gnéasach;
- cabhrú agus neartú le haon duine tromionsaí gnéasach a dhéanamh nó comhairliú d’aon duine ionsaí den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt chun críche go ndéanfaí é;
- cabhrú agus neartú le haon duine iarracht tromionsaithe ghnéasaigh a dhéanamh nó comhairliú d’aon duine iarracht den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt chun críche go ndéanfaí í;
- duine a ghríosú chun tromionsaí gnéasach a dhéanamh; nó
- comhcheilg a dhéanamh ceann ar bith de na cionta thuasluaite a dhéanamh.
Ní gá do dhuine a dteastaíonn uaidh nó uaithi an tseirbhís seo a úsáid dul faoi scrúdú acmhainne nó ranníocaíocht a dhéanamh.
Aturnae / abhcóide a chur ar fáil
Ceapfaidh an Bord aturnae agus, más gá, abhcóide chun seirbhísí a chur ar fáil i ngach cás aonair.
Eolas ginearálta maidir leis an dá sheirbhís
Seirbhísí riachtanacha
Seirbhísí riachtanacha, luachmhara is ea iad seo do ghearánaigh i gcásanna éignithe agus i gcásanna áirithe ionsaithe ghnéasaigh. Molann an Bord go ndéanfadh gearánaigh seirbhísí dlí a lorg a luaithe agus is féidir.
Déanfaidh an Bord iarracht aturnae agus/nó abhcóide a ainmniú a luaithe agus is féidir agus ní chuirfear iarratasóirí ar liosta feithimh.
Conas iarratas a dhéanamh
Féadfaidh duine atá ag lorg seirbhísí dlí iarratas a dhéanamh chuig ceann ar bith d’ionaid dlí an Bhoird. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le hiarratas a dhéanamh ar sheirbhísí dlí féach anseo.
An Cheannoifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Uimhir Íosghlao: 1890 615 2000
Teileafón: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035