Uachtanna agus Oidhreacht
Sa bhileog seo ciallaíonn an téarma ‘céile’ fear céile nó bean chéile i bpósadh.
Uacht a dhéanamh
Conas is féidir liom a bheith cinnte, i ndiaidh dom bás a fháil, go gcomhlíonfar mo thoil?
Is féidir le duine a dhéanann uacht bhailí a chinntiú go rachaidh a (h)eastát, faoi réir theorainneacha áirithe, chuig an duine nó na daoine a bheidh ainmnithe san uacht.
Tagraíonn an focal ‘eastát’ do na sócmhainní atá i seilbh an duine sin ag am a b(h)áis, mar shampla, réadmhaoin, sealúchais agus airgead.
Cad a tharlóidh sa chás nach ndéanaim uacht bhailí?
Sa chás ina bhfaigheann tú bás gan uacht bhailí a bheith déanta agat, roinnfear d’eastát de réir rialacha atá leagtha síos i reachtaíocht.
An bhfuil aoisteorainn i gceist le haghaidh uacht a dhéanamh?
Ní mór duit a bheith os cionn ocht mbliana déag d’aois.
An féidir le duine a bhfuil mí-eagar meabhrach ag gabháil dó/di, mar shampla, néaltrú, uacht a dhéanamh?
Ní mór duit a bheith slánmheabhrach chun uacht bhailí a dhéanamh.
An bhfuil aon riachtanas eile ann le haghaidh uacht a dhéanamh?
Ní mór ceanglais fhoirmiúla áirithe a shásamh chomh maith, mar shampla, an ceanglas maidir le finnéithe le huacht. Ós rud é gur deacair uacht a cheartú i ndiaidh duit bás a fháil moltar go láidir duit dul i gcomhairle le haturnae chun d’uacht a dhréachtú duit.
Ionadaithe pearsanta
Cé atá freagrach as uacht a láimhseáil thar ceann an éagaigh?
- Tugann ionadaithe pearsanta éifeacht d’Uacht nó roinneann siad eastát duine a fuair bás gan uacht bhailí a dhéanamh.
- Ní mór do na hionadaithe pearsanta deonú ionadaíochta a fháil roimh dóibh déileáil le heastát.
- I gcás ina bhfuil uacht ann, faightear Deonú Probháide.
- Sa chás nach bhfuil aon uacht ann, faightear Deonú Litreacha Riaracháin.
Is é an tIonadaí Pearsanta atá freagrach as gnóthaí an duine éagtha a eagrú agus a shórtáil.
Má tá Uacht ann, ceaptar an tIonadaí Pearsanta lena (h)ainmnithe san uacht mar sheiceadóir. Má tá díthiomnacht i gceist (gan uacht ann) is dóchúil go nglacfaidh an tIonadaí Pearsanta freagracht as ós rud é gur céile an éagaigh é/í nó go bhfuil sé nó sí ar dhuine de na neasghaolta. Tugtar Riarthóir ar an Ionadaí Pearsanta nár ceapadh san Uacht.
Is é atá i gceist le deonú probháide nuair a bhíonn Uacht déanta agus nuair a dhéanann an Seiceadóir nó an tAturnae atá ag obair thar ceann an tSeiceadóra iarratas chuig an Oifig Phrobháide le haghaidh Deonú Probháide. Beifear ábalta eastát (sócmhainní) an éagaigh a dháileadh de réir a (h)Uachta.
Cearta céilí/ páirtithe sibhialta
An bhfuil ceart ar bith ag duine pósta nó ag páirtí sibhialta sciar a fháil in eastát a c(h)éile/ p(h)áirtí sibhialta?
I gcoitinne, tá ceart dlíthiúil ag duine scair a bheith aige nó aici in eastát a c(h)éile/a p(h)áirtí sibhialta éagtha.
An bhfuil ceart ar bith ag céile/ páirtí sibhialta sa chás go bhfuil uacht bhailí ann?
Nuair a fhaigheann duine bás gan uacht bhailí a dhéanamh, tá ceart dlíthiúil ag a c(h)éile/p(h)áirtí sibhialta i leith na nithe seo a leanas:
- leath den eastát, mura bhfuil leanaí ann; nó
- aon trian den eastát, má tá leanaí ann.
Féadfaidh céile/páirtí sibhialta rogha a dhéanamh an ceart dlíthiúil a ghlacadh nó an sciar a thugtar san uacht.
- ní mór don ionadaí pearsanta an ceart sin a chur in iúl don chéile; agus
- ní mór an rogha sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón uair a chuireann na hionadaithe pearsanta an ceart in iúl don chéile/don pháirtí sibhialta, nó
- laistigh de bhliain amháin ó dheonú probháide, cibé ceann acu is déanaí.
An bhfuil ceart ar bith ag céile/ páirtí sibhialta sa chás NACH bhfuil uacht bhailí ann
Nuair a fhaigheann duine bás gan uacht bhailí a bheith déanta aige nó aici, tá ceart dlíthiúil ag a c(h)éile i leith na nithe seo a leanas:-
- an t-eastát iomlán mura bhfuil aon leanaí ann; nó
- dhá thrian den eastát, má tá leanaí ann.
Cearta leanaí
An bhfuil cearta ag leanaí sciar a fháil ó uacht a dtuismitheoirí?
- I gcoitinne, ní bhíonn ceart uathoibríoch ag leanbh sciar a bheith aige nó aici in eastát a t(h)uismitheora sa chás ina bhfuair an tuismitheoir sin bás agus uacht bhailí déanta aige nó aici.
- Féadfaidh an Ard-Chúirt sciar d'eastát an tuismitheora a dheonú ar leanbh, áfach, sa chás ina gcinneann sí maidir leis an tuismitheoir "gur loic sé ina dhualgas morálta soláthar cuí a dhéanamh don leanbh de réir a acmhainne”. Ní mór iarratas den chineál sin a dhéanamh san Ard-Chúirt laistigh de shé mhí ó dháta deonaithe na probháide.
- Ní gá do leanbh a dhéanann iarratas den chineál sin a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ná a bheith i gcleithiúnas ar an tuismitheoir ó thaobh airgid de.
An bhfuil cearta ag uchtleanaí agus ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta sciar a fháil ó eastát a dtuismitheoirí?
Tá na cearta céanna ag uchtleanaí agus ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta agus atá ag leanaí tuismitheoirí pósta.
Áras an teaghlaigh agus oidhreacht
Cé a thiocfaidh in oidhreacht ar áras an teaghlaigh?
Sa chás ina bhfuil áras an teaghlaigh i seilbh na gcéilí/na bpáirtithe sibhialta mar chomhthionóntaí, faigheann an céile/páirtí sibhialta marthanach an mhaoin le hoidhreacht go huathoibríoch. Ina ionad sin d'fhéadfadh an céile/páirtí sibhialta marthanach a bheith in ann a éileamh go n-aistreofaí áras an teaghlaigh chuige nó chuici mar chuid dá scair den cheart dlíthiúil.
Féach an nóta thuas maidir le cearta dlíthiúla na gcéilí/na bpáirtithe sibhialta.
Fachtóirí a mbíonn éifeacht acu ar chearta oidhreachta
Tá roinnt fachtóirí ann a mbíonn éifeacht acu ar chearta oidhreachta:-
pósadh - déanann pósadh uacht a chúlghairm mura raibh sé déanta agus an pósadh san áireamh.
comhaontú idirscartha - féadfaidh céilí comhaontú a gceart dlíthiúil a fhoirceannadh maidir le scair a bheith acu in eastát an chéile eile;
idirscaradh breithiúnach-:
- agus ordú idirscartha bhreithiúnaigh á dhéanamh, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh lena gcuirtear ar ceal ceart dlíthiúil na gcéilí teacht in oidhreacht ó eastát a chéile.
- Ní mór don chúirt a bheith sásta go bhfuil foráil leordhóthanach agus réasúnach déanta do chéile sula gcuirfidh sí a c(h)earta ar ceal.
- Mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, áfach, tá imthosca áirithe ann inar féidir le duine iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát a c(h)éile. Ní mór iarratais den chineál sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón deonú probháide nó ó dheonú litreacha riaracháin maidir leis an eastát sin;
colscaradh – ní céile é nó í duine atá colscartha agus níl aon cheart dlíthiúil aige nó aici scair a bheith aige nó aici in eastát a (h)iarchéile. Mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, áfach, tá imthosca áirithe ann fós inar féidir le duine iarratas a dhéanamh ar sciar d'eastát a (h)iarchéile. Ní mór iarratas den chineál sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón deonú probháide nó ó dheonú litreacha riaracháin maidir leis an eastát sin. Ní féidir le duine a athphósann tar éis colscartha iarratas den chineál sin a dhéanamh; agus
tréigean - d'fhéadfadh nach mbeadh duine a thréig a c(h)éile ar feadh dhá bhliain nó níos mó díreach roimh bhás a c(h)éile i dteideal a scair mar cheart dlíthiúil in eastát a c(h)éile éagtha a fháil.
Cionta coiriúla – bíonn cosc ar dhuine a rinne cionta coiriúla tromchúiseacha i gcoinne an éagaigh a scair mar cheart dlíthiúil a ghlacadh nó iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go ndéanfaí foráil chuí as an eastát.
Páirtnéireacht shibhialta a dhíscaoileadh – ní páirtí sibhialta é nó í duine a bhfuil a p(h)áirtnéireacht shibhialta díscaoilte agus níl aon cheart dlíthiúil aige nó aici sciar a bheith aige nó aici in eastát a (h)iarpháirtí sibhialta.
Cáin a íoc ar oidhreacht
Má bhainim sochar as uacht an gá dom cáin ar bith a íoc?
D'fhéadfadh duine a bhaineann sochar as eastát éagaigh a bheith faoi dhliteanas maidir le Cáin Fáltas Caipitiúil.
- Braithfidh méid na cánach atá iníoctha ar an gcaidreamh a bhí idir an t-éagach agus an duine a bhain sochar as a (h)eastát agus ar luach na hoidhreachta.
- Tá díolúintí áirithe ann maidir leis an gceanglas i leith cáin a íoc, mar shampla, níl aon cháin iníoctha faoi láthair ar oidhreachtaí idir céilí nó iarchéilí.
- Ní mór aon cháin atá iníoctha a íoc laistigh de thréimhse shonrach.
- Féadfaidh céile marthanach sochar a bhaint as roinnt díolúintí agus faoisimh chánach.
- Athraíonn na catagóirí díolúine agus faoisimh agus na méideanna ó am go ham.
- Tá mionsonraí ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Cáin phrobháide
Cad is cáin phrobháide ann?
Is éard is cáin phrobháide ann ná an cháin a bhíonn iníoctha ar luach iomlán eastát an éagaigh.
Cé atá freagrach as cáin phrobháide a íoc?
Is ar ionadaithe pearsanta atá an fhreagracht maidir leis an gcáin phrobháide a íoc.
An Cheannoifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teil: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035
Uimh. Íosghlao 1890 615 2000