Iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh costas
Forálann an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta(1995) gur féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh chuig an mBord le haghaidh tharscaoileadh na gcostas go bhfuilimid i dteideal a ghnóthú. Tugann sé seo rogha don Bhord rogha a cheart chun a gcostais a aisghabháil a tharscaoileadh sa chás ina gceaptar mura ndéanfaí amhlaidh go "gcruthófaí cruatan" don duine. Is féidir leis an tarscaoileadh a bheith ina tharscaoileadh iomlán nó ina cheann páirteach.
Sa chás ina mbíonn aisghabháil costas cuirfidh d'aturnae in iúl duit an ceart chun iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh. Is féidir leo comhairle a chur ort cibé an gceapann siad go n-éireoidh leis an iarratas nó nach n-éireoidh, mar nach foirmiúlacht é an cinneadh chun costais a tharscaoileadh. Is féidir le do dhlíodóir sonraí breise a chur ar fáil duit chomh maith maidir leis na critéir a úsáidimid chun costais a tharscaoileadh a chinneadh má phléann tú tarscaoileadh leo.
Breithnímid gach iarratas ar tharscaoileadh ar a fhiúntas féin agus mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh ar d’iarratas ar tharscaoileadh, tá rogha agat achomharc a dhéanamh ina leith chuig Coiste Achomhairc an Bhoird
Tá na prionsabail seo a leanas comhaontaithe ag an mBord agus cinneadh á dhéanamh aige cibé ar chóir costais a tharscaoileadh nó nár chóir:
- agus breithniú á dhéanamh faoi cad is cruatan ann, breithneoimid do sheasamh ag deireadh sholáthar na seirbhísí dlí;
- déanfar d’imthosca airgeadais a scrúdú ar an dáta ar a dhéantar an cinneadh maidir le cruatan;
- tá sraith critéar agus treoirlínte againn a gcuirimid san áireamh agus an cinneadh á dhéanamh againn ionas go mbeimid comhsheasmhach sa dóigh ina gcaithimid le gach iarratas ann féin;
- cé go mbeidh iliomad cinntí bunaithe ar na critéir agus na treoirlínte sin, cuirimid lánrogha nuair is gá maidir le fíricí áirithe an cháis.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh costas ní mór duit an t-iarratas a dhéanamh i bhfoirm scríbhinn chuig d’aturnae chomh luath agus is féidir tar éis do do chás críochnú. Cuirfidh d’aturnae ar aghaidh é chuig ár bpríomhoifig i gCathair Saidhbhín agus cuirfear an cinneadh in iúl duit i bhfoirm scríbhinn chomh luath agus is féidir go praiticiúil.