Déan iarratas chun ranníoc a tharscaoileadh
Mura bhfuil sé d’acmhainn agat an ranníocaíocht a íoc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an mBord go ndéanfar í a tharscaoileadh. Tríd an ranníocaíocht a tharscaoileadh, ní bheidh ort an ranníocaíocht a íoc in aon chor (tarscaoileadh iomlán), nó ní bheidh ort ach cuid di a íoc (tarscaoileadh páirteach). Mar shampla, b’fhéidir go n-iarrfaimid ort an ranníocaíocht chomhairle a íoc, ach gan an ranníocaíocht chúnaimh a íoc. Ba cheart duit labhairt le comhalta foirne san ionad dlí más mian leat iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh.
Deonóimid tarscaoileadh má mheasaimid go gcruthódh an ranníocaíocht a íoc cruatan míchuí duit. Tá seo faoinár lánrogha.
Chuireamar treoirlínte i bhfeidhm dár lucht déanta cinntí chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh ar cé acu ar cheart nó nár cheart dúinn tarscaoileadh a dheonú in aon chás ar leith.
Déanfaimid breithniú ar tharscaoiltí a dheonú faoi na cúinsí a leanas:
- Má bhraitheann tú go hiomlán ar íocaíochtaí forlíontacha leasa
- Má bhraitheann tú ar leas sóisialach, ach má rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí cinneadh chun d’íocaíochtaí a roinnt le duine eile nó má tá tairbhe á baint agat as íocaíocht chomhroinnte
- Má tá ordú agat a threoraíonn duine éigin chun cothabháil a íoc leat, má tá an duine ag diúltú, go fóill, chun cothabháil a íoc leat, agus má tá sé ar intinn agat iarraidh ar an gCúirt bearta breise a ghlacadh lena cheangal ar an duine sin thú a íoc (e.g. a cheangal ar an bhfostóir chun thú a íoc óna bpá).
- Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (tearmann) in Éirinn agus má tá “soláthar díreach” á chur ar fáil duit.
- Má tá tú i bpríosún agus má gearradh pianbhreith breis agus bliain ort agus mura bhfuil tú i d’úinéir ar aon mhaoin nó ar aon sócmhainní caipitil eile
B’fhéidir go ndéanfaimid breithniú ar tharscaoiltí a dheonú faoi chúinsí eile, ar bhonn cás ar chás. Caithfimid súil ar cén saghas cáis is mian leat a ghlacadh (mar shampla, más cás foréigean baile é). B’fhéidir go ndéanfaimid breithniú, más cuí, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil maoin agat a d’fhéadfá a dhíol chun íoc as dlíodóir chun glacadh le do chás. Má tá tú i bpríosún, déanfaimid breithniú, chomh maith, ar fhad do phianbhreithe.
I ngach cás, is fúinn atá sé an cinneadh a dhéanamh cé acu chun tarscaoileadh a dheonú nó gan tarscaoileadh a dheonú. Fiú má chomhlíonann tú na treoirlínte, caithfimid breithniú a dhéanamh ar cé acu an mbeidh nó nach mbeidh tú thíos le cruatan míchuí mar gheall gur gá duit an ranníocaíocht a íoc. Mura measaimid go mbeidh tú thíos le cruatan míchuí, ní dheonóimid tarscaoileadh duit.
Má dhéanaimid an cinneadh gan tarscaoileadh a dheonú, féadfaidh tú iarraidh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh seo nó féadfaidh tú an cinneadh a achomharc le coiste achomhairc. Caithfidh tú seo a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón tráth sin a insítear duit nach ndeonóimid tarscaoileadh.