Finnéithe Saineolacha agus Soláthraithe Seirbhíse i gCásanna Sibhialta
I gcásanna cúnaimh dlí shibhialta, ní féidir le haturnae saineolaí a fhostú chun tuarascáil a sholáthar nó táillí a íoc le finné saineolach, gan faomhadh roimh ré a lorg ónár gCeannoifig. Ní mór go ndéanann aturnaetha iarratas sonrach ar údarás i ngach cás inar mian leo saineolaí a choimeád nó inar mian leo go bhfreastalóidh finné ar an gcúirt. Deonaítear faomhadh i bhfoirm “údaráis” (más cás comhairle, amháin, atá sa chás) nó i bhfoirm “deimhniú leasaithe cúnaimh dlí” (i gcásanna cúnaimh dlí). Chomh maith leis sin, is féidir le haturnae faomhadh a lorg le haghaidh costais bhreise ag an tráth a dheonaítear an deimhniú um chúnamh dlí.
Táillí
Tá dualgas orainn glacadh le scála táillí le haghaidh saineolaithe / finnéithe atá comhsheasmhach lena mhacasamhail de rátaí a íocann soláthraithe seirbhíse poiblí eile.
Liosta na dtáillí uasta le haghaidh saineolaithe i gcásanna cúnaimh dlí shibhialta.