Ateangairí agus Aistritheoirí
Tá conradh i bhfeidhm ag an mBord chun seirbhísí ateangaireachta a chur at fáil do gach oifig seachas Cúnamh Dlí Coiriúil. Ní mór céadú a fháil trí aighneacht le haghaidh údaráis chun ateangaire a fhostú ag an gcéim chomhairle. Má thugtar ceadú ní mór an t-ateangaire a fhostú ón gcuideachta a bhfuil an conradh aige san am i láthair chun seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil i láthair na huaire. Féadann Seirbhísí Dlí a dhiúltú íoc as seirbhísí ateangaire a fostaíodh gan údarás. In imthosca áirithe, féadann Seirbhísí Dlí údarás a thabhairt cuideachta mhalartach a úsáid i gcás nach féidir an conraitheoir a úsáid. Ní mór foirmeacha freastail ateangaire a chomhlánú maidir le cliaint ionaid dlí agus cliaint tearmainn araon.
Ní mhaoiníonn an Bord costais taistil d'ateangairí ach amháin i gcás ina n-iarrtar ar ateangaire turas i bhfad ar leith a dhéanamh mar gheall ar easpa ateangairí in áit áirithe, agus sa chás sin ní mór an costas taistil a bheith údaraithe roimh ré ag an mBord. Is féidir seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil ar an nguthán freisin. Maidir le ceadú taistil a iarraidh do chliaint nach mbaineann a gcásanna le cúrsaí tearmainn ba cheart don chonraitheoir an t-iarratas a chur ar ríomhphost chuig legalservices&support@legalaidboard.ie agus ainm an ionaid dlí a bheith i líne an ábhair le gur féidir na baill foirne ábhartha an t-iarratas a mheas agus freagra a thabhairt air ar ríomhphost, agus cóip an ríomhphoist sin a chur chuig ball foirne an ionaid dlí. Ba cheart don chonraitheoir freagra a thabhairt go díreach chuig an ionad dlí agus a dhearbhú cé acu atá ateangaire ar fáil nó nach bhfuil ateangaire ar fáil don choinne is gá.
Má thagann sé chun solais gur gá ateangaire a úsáid i ndiaidh deimhniú cúnamh dlí a bheith deonaithe, ba cheart leasú ar an deimhniú a lorg seachas údarás a lorg
Déantar údarás a cheadú go huathoibríoch chun ateangairí a fhostú i gcásanna tearmainn.
Ba cheart do Chleachtóirí Príobháideacha a n-áirithintí a dhéanamh trí theagmháil ríomhphoist/gutháin. Ba cheart don chonraitheoir sonraisc maidir le háirithintí CP (cliaint ionad dlí) a threorú chuig Tacaíocht Seirbhísí Dlí. Ba cheart sonraisc maidir le háirithintí CP (cliaint tearmainn) a chur ar ríomhphost chuig Interpretations@legalaidboard.ie (Aonad Tacaíochta Mhargadh na Feirme NBS) lena gceadú, lena bpróiseáil agus lena gcur ar aghaidh chuig an Aonad Airgeadais le haghaidh íocaíochta.
Tabhair faoi deara go bhfuil conarthaí ar leith ag an mBord chun seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil agus chun cáipéisí a aistriú.
Tá na rátaí seo a leanas táscach ach ní iontu ach achoimre, tá liosta iomlán de na teangacha clúdaithe agus na rátaí ar fáil ar Chlár Feasachán an BCD.
Le haghaidh agallamh/éisteachtaí/agallamh sceidealaithe a reáchtáiltear ar an láthair, Costas na Chéad Uaire €23, costas in aghaidh gach 15 nóiméad eile €5.75
Le haghaidh ateangaireachta ar an nguthán costas in aghaidh an nóiméid €0.63.
Seirbhís ateangaire ar an láthair (25 huaire sa tseachtain, san iomlán ag clúdach gach teanga is gá) - €23 san uair
Costais chineálacha le haghaidh Seirbhísí Ateangaireachta ar an láthair | | |
In aghaidh tréimhse sontaithe | Costas | |
| | |
San Uair | €23.00 | |
Sa lá | €161.00 | 7 n-uaire | |
Sa tSeachtain | €644.00 | 35 uair | |
Sa Mhí | €2,576.00 | 140 uair | |
Le haghaidh agallamh/éisteachtaí/agallamh sceidealaithe a reáchtáiltear ar an láthair, Costas na Chéad Uaire €23, costas in aghaidh gach 15 nóiméad eile €5.75
Le haghaidh ateangaireacht ar an nguthán costas in aghaidh an nóiméid €0.63.
Seirbhís ateangaire ar an láthair (25 huaire sa tseachtain, san iomlán ag clúdach gach teanga is gá) - €23 san uair
Costais chineálacha le haghaidh Seirbhísí Ateangaireachta ar an láthair | | |
In aghaidh tréimhse sontaithe | Costas | |
| | |
San Uair | €23.00 | |
Sa lá | €161.00 | 7 n-uaire | |
Sa tSeachtain | €644.00 | 35 uair | |
Sa Mhí | €2,576.00 | 140 uair | |
Aistriúchán doiciméad
Tá conradh ag an mBord maidir le haistriúchán doiciméad. I gcás ina ndeonaítear deimhniú leasaithe chun aistriúchán a fháil ar cháipéisí ní mór an t-aistriúchán sin a fháil ón ngnólacht atá faoi chonradh san am i láthair, ag ráta nach mó ná rátaí comhaontaithe an Bhoird (féach thíos). Tabhair faoi deara: tráth scríofa na cáipéise seo, ní chlúdaíonn an conradh seo aistriúcháin go Gaeilge agus aistriúcháin ón nGaeilge.
Is gnáth údarás a cheadú maidir leis na haicmí cáipéise seo a leanas:
- Deimhnithe Breithe, Báis, Pósta, srl;
- Taifid Mhíleata;
- Pasanna agus doiciméid eile aitheantais (Cártaí C.A. Náisiúnta; C.A. Fostaíochta, cártaí mic léinn de ghnáth)
- Deimhnithe Liachta;
- Ordaithe Cúirte; agus
- Toghairmeacha.
Maidir le doiciméad ar bith eile a mheastar is gá chun tacú le cás cliaint, ba cheart cur síos achomair a fháil ón gcliant, agus ba cheart dó nó di sleachta ábhartha a mharcáil lena n-aistriú laistigh den doiciméad. Ba cheart d'oibrí cásanna leithleacha/aturnae atá den tuairim go bhfuil údar maith leis an doiciméad a aistriú mar gheall ar ábhar an doiciméid sin:-
- smaoineamh air an cosúil go bhfuil údar maith leis an gcaiteachas a bhaineann le haistriúchán a fháil sna himthosca;
- a dheimhniú in a t(h)uairim féin gur gá le haistriúchán den sórt sin; agus
- údar na tuairime seo a thabhairt.
Aistriúcháin
Is iad seo a leanas rátaí comhaontaithe an Bhoird le haghaidh aistriúchán:
| | |
Aistriú go Béarla ó | Aistriú ó Bhéarla go |
Teanga | Costas In Aghaidh An Fhocail | Teanga | Costas In Aghaidh An Fhocail |
Acholi | 0.059 | Acholi | 0.059 |
Albáinis | 0.059 | Albáinis | 0.059 |
Amáiris | 0.059 | Amáiris | 0.059 |
Araibis | 0.059 | Araibis | 0.059 |
Airméinis | 0.059 | Airméinis | 0.059 |
Asarbaiseáinis | 0.059 | Asarbaiseáinis | 0.059 |
Bajuni | 0.059 | Bajuni | 0.059 |
Bealarúisis | 0.05 | Bealarúisis | 0.05 |
Beangáilis | 0.059 | Beangáilis | 0.059 |
Boisnis | 0.059 | Boisnis | 0.059 |
Burmais | 0.059 | Burmais | 0.059 |
Siséivis | 0.059 | Siséivis | 0.059 |
Sínis (Mandairínis) | 0.059 | Sínis (Mandairínis) | 0.059 |
Cróitis | 0.059 | Cróitis | 0.059 |
Seicis | 0.059 | Seicis | 0.059 |
Dairis | 0.059 | Dairis | 0.059 |
Ollainnis | 0.059 | Ollainnis | 0.059 |
Fairsis | 0.059 | Fairsis | 0.059 |
Fraincis | 0.059 | Fraincis | 0.059 |
Seoirsis | 0.059 | Seoirsis | 0.059 |
Gearmáinis | 0.059 | Gearmáinis | 0.059 |
Gréigis | 0.059 | Gréigis | 0.059 |
Eabhrais | 0.059 | Eabhrais | 0.059 |
Hiondúis | 0.059 | Hiondúis | 0.059 |
Iodáilis | 0.05 | Iodáilis | 0.05 |
Kazhak | 0.05 | Kazhak | 0.05 |
Congóis | 0.059 | Congóis | 0.059 |
Kinyamulenge | 0.059 | Kinyamulenge | 0.059 |
Ciniaruaindis | 0.059 | Ciniaruaindis | 0.059 |
Coirdis Curmainsis | 0.059 | Coirdis Curmainsis | 0.059 |
Coirdis Sorani | 0.059 | Coirdis Sorani | 0.059 |
Cirgisis | 0.059 | Cirgisis | 0.059 |
Liongáilis | 0.059 | Liongáilis | 0.059 |
Malaeis | 0.059 | Malaeis | 0.059 |
Mailéalaimis | 0.059 | Mailéalaimis | 0.059 |
Moldóvach | 0.05 | Moldóvach | 0.05 |
Neipealach | 0.059 | Neipealach | 0.059 |
Oraimis | 0.059 | Oraimis | 0.059 |
Paistis | 0.059 | Paistis | 0.059 |
Polainnis | 0.059 | Polainnis | 0.059 |
Portaingéilis | 0.059 | Portaingéilis | 0.059 |
Puinseáibis | 0.059 | Puinseáibis | 0.059 |
Rómáinis | 0.05 | Rómáinis | 0.05 |
Rúisis | 0.05 | Rúisis | 0.05 |
Seirbis | 0.059 | Seirbis | 0.059 |
Sindis | 0.059 | Sindis | 0.059 |
Siolónach | 0.059 | Siolónach | 0.059 |
Somáilis | 0.059 | Somáilis | 0.059 |
Svahaílis | 0.059 | Svahaílis | 0.059 |
Sualainnis | 0.059 | Sualainnis | 0.059 |
Tagálaigis | 0.059 | Tagálaigis | 0.059 |
Tamailis | 0.059 | Tamailis | 0.059 |
Tigrinis | 0.059 | Tigrinis | 0.059 |
Tuircis | 0.059 | Tuircis | 0.059 |
Úcráinis | 0.05 | Úcráinis | 0.05 |
Urdais | 0.059 | Urdais | 0.059 |
Uigiúiris | 0.059 | Uigiúiris | 0.059 |
Úisbéiceastáinis | 0.059 | Úisbéiceastáinis | 0.059 |
Vítneaimis | 0.059 | Vítneaimis | 0.059 |
Iarúibis | 0.059 | Iarúibis | 0.059 |
Tá gach ráta luaite ar leith ó CBL @ 23%
Tabhair faoi deara le do thoil: Tá rátaí éagsúla ann ag brath ar an teanga