Scéim ad hoc um Chúnamh Dlí de chuid an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla
1. Eolas Ginearálta
Leagtar amach sa doiciméad seo na forálacha a bhaineann le Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla. Tugtar treoir ann freisin maidir le riar na Scéime; is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a chuireann an Scéim seo i bhfeidhm.
2. Tosú agus riar na Scéime
Ba é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a thug isteach an Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB); tháinig sé in éifeacht ar 2 Aibreán 1998. Nuair a tugadh isteach ar dtús í, bhain an Scéim le daoine ar Fhreagróirí agus/nó ar Chosantóirí iad in imeachtaí ar bith Cúirte arna thionscain ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, ag Príomh-Oifigeach an Bhiúró nó ag ball ar bith den Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla, nó imeachtaí ar bith Cúirte a tionscnaíodh ina n-ainm. Áiríodh ansin imeachtaí áirithe faoin Acht um Fháltais ó Choireacht,1996, faoi na hAchtanna Ioncaim agus faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh. Idir an dá linn, cuireadh le raon na Scéime agus tá teacht ar a thuilleadh eolais faoi na himeachtaí breise i gCuid 4 den doiciméad seo. Ó chéad lá na Scéime ar aghaidh, ba ar Rannóg Beartas na gCúirteanna, atá ina cuid den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, a bhí cursaí riaracháin mar chúram. Ó 1 Eanáir 2014 ar aghaidh áfach, tarchuireadh an sainchúram maidir le riaracháin chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais atá fós freagrach as cúrsaí buiséid na Scéime.
3. Cuspóir agus feidhm na Scéime
Is é cuspóir na Scéime ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil do dhaoine ar gá dóibh a leithéid a bheith acu, ach nach bhfuil sí d’acmhainn acu íoc as. Ní malairt ar chostais í. Mar sin, is gá iarratas a chur isteach ag tús na n-imeachtaí Cúirte chun rochtain a fháil ar an Scéim. Áit nach ndéantar iarratas ar an gCúirt le haghaidh cúnamh dlí ag tús na n-imeachtaí, ní chuirfear san áireamh ach na táillí a thagann chun cinn i ndiaidh dháta an iarratais agus i gcás mar sin, ní chuirfear an Scéim i bhfeidhm go cúlghabhálach.Ní ghlactar le gach duine faoin Scéim agus ní mór don iarratasóir an Chúirt a shásamh go dtagann na himeachtaí atá i gceist faoi scóip na Scéime agus nach bhfuil sé d’acmhainn aige/aici dlíodóir (nó abhcóide, más cuí) a áirithiú mura bhfaightear leas na Scéime. Ba chóir do bhaill an phobail a gcomhairle dlí féin a fháil maidir leis an dlíthíocht chun a fháil amach an dtagann sé faoi fhorálacha na Scéime nó nach dtagann; agus maidir leis an teideal (más ann dó) atá acu féin faoin Scéim.Níl dualgas ar bith ar dhuine iarratas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar an Scéim. Ach aon duine a theastaíonn uaidh/uaithi iarratas a chur isteach chun cúnamh a fháil faoin Scéim agus a éiríonn leis an iarratas sin, ní sholáthrófar ach ionadaíocht dhlíthiúil de réir fhorálacha na Scéime. Ina theannta sin, i gcás cleachtóirí dlí agus soláthróirí eile seirbhíse a roghnaíonn ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil d’iarratasóirí na Scéime, ní thugtar cúiteamh dóibh ach amháin de réir fhorálacha na Scéime, mar a leagtar amach sa doiciméad seo. Moltar do chleachtóirí dlí iad féin a shásamh chomh luath agus is féidir go dtagann a gcliant agus an dlíthíocht faoi scáth na Scéime.
4. Raon na Scéime
Nuair a tugadh isteach ar dtús í, bhain an Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla le daoine ar Fhreagróirí agus/nó Cosantóirí iad in imeachtaí áirithe faoin; Acht um Fháltais ó Choireacht,1996, arna leasú faoin Acht um Fháltais ó Choireacht (Leasú) 2005; faoi na hAchtanna Ioncaim; agus faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh. Ar an 23 Márta 1999, leathnaíodh raon na Scéime agus tugadh isteach achomharcóirí in Achomhairc Leasa Shóisialaigh arna ndearna don Chúirt Chuarda faoi Alt 34 den Acht Leasa Shóisialaigh 1997 (glactar leis anois go mbaineann sé seo le hAchomhairc Leasa Shóisialaigh faoi Alt 307 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005) agus Achomhairc Cánach arna ndearna don Chúirt Chuarda faoi na hAchtanna Cánacha áit a mbíonn an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, Príomh-Oifigeach an Bhiúró nó ball ar bith den Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla ina Fhreagróir agus/nó Chosantóir. Ar 11Samhain 1999, leathnaíodh raon na Scéime níos mó fós chun iarratais arna ndearna ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi Alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil 1994 a chlúdú.Ní thagann faoi scáth na Scéime ach amháin na himeachtaí Cúirte a luadh go sonrach anseo. Áit a dtiteann na himeachtaí taobh amuigh de raon na Scéime, ní féidir an Scéim a chur i bhfeidhm mar ní féidir airgead poiblí a úsáid ar chúis ar bith eile ach amháin ar an gcúis a chuir an tOireachtas ar fáil é. Níl sé de rogha an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil airgead poiblí a úsáid ar chúiseanna eile.
5. Cáilitheacht faoin Scéim agus conas iarratas a dhéanamh
Déantar foráil i Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla do na rudaí seo a leanas: Pé Cúirt a bhfuil an dlínse chuí aici deileáil le cás áirithe, is í an Chúirt sin a dhéanann an cinneadh maidir le cúnamh dlí a dheonú faoin Scéim, chomh maith leis an gcinneadh faoi leibhéal na hionadaíochta dlíthiúil agus/nó méid na gcostas finné a cheadaítear; ní mór don Chúirt a bheith sásta faoi na rudaí seo a leanas:(i) nach bhfuil sé in acmhainn an iarratasóra ionadaíocht dhlíthiúil a fháil é/í féin, agus
(ii) de bharr imthosca eisceachtúla agus ar leasa an chirt, is riachtanach go mbeadh cúnamh dlí ag an iarratasóir le linn na n-imeachtaí agus a n-ullmhucháin, agus
(iii) go dtagann an cineál áirithe imeachtaí faoi scáth na Scéime. De réir na forálacha seo, ní mór don Chúirt a bheith sásta go gcomhlíontar na coinníollacha go léir thuasluaite.Ní mór don iarratasóir an Chúirt a shásamh gur riachtanach é go bhfaigheann sé/sí ionadaíocht dhlíthiúil agus nach bhfuil sé d’acmhainn aige/aici dlíodóir (nó abhcóide, más cuí) a áirithiú mura bhfaightear leas na Scéime. Chuige sin, ní mór don iarratasóir mionnscríbhinn a chomhdú agus/nó an fhianaise atá ag teastáil ag an gCúirt a chur ar fáil chun a chinntiú go gcomhlíonann sé/sí an critéir thuasluaite. Tugann sé seo deis don Chúirt acmhainní airgeadais an iarratasóra a mheas go hiomlán eolasach agus cinneadh dá réir a dhéanamh maidir le: (a) tuilleadh eolais a lorg más cuí; nó
(b) cúnamh dlí faoin Scéim a dhiúltiú; nó
(c) cúnamh dlí faoin Scéim a dheonúÁit a ndeonaítear an Scéim le haghaidh imeachtaí i gCúirt amháin agus a ndéantar achomharc ar Chúirt níos uachtaraí, ní mór iarratas nua a dhéanamh ar an gCúirt ina gcloisfear an achomharc sin chun cáilitheacht faoin Scéim a chinntiú (i.e. Ní leor deonú cáilitheacht ó Chúirt amháin chun cáilítheacht a thabhairt le tuiscint nó a chinntiú i gCúirt eile.
6. Íocaíocht táillí faoin Scéim
Áit a dtagann an t-iarratasóir agus an dlíthíocht faoi fhorálacha na Scéime agus a ndéanann an Chúirt cinneadh cúnamh dlí a dheonú, leagfar amach san Ordú Cúirte, faoi mar a dheonaigh an Breitheamh é, sonraí beachta na ndaoine a n-íocfar faoin Scéim (m.sh an dlíodóir, an t-abhcóide sóisireach agus/nó an t-abhcóide sinsireach). In imthosca áirithe, d’fheadfadh seirbhísí finné saineolach ar nós cuntasóir fóiréinseach a bheith san áireamh san Ordú sin. Ní féidir leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil éileamh ar íocaíocht a mheas ná a phróiseáil le haghaidh ionadaí dlí nó finné saineolach ar bith áit nach bhfuil an íocaíocht sin luaite go sonrach ar an Ordú Cúirte. Más rud é go bhfágtar ar lár ar an Ordú Cúirte deireanach duine éigin ar mhol an Breitheamh táillí a íoc dó/di, is ar an dlíodóir áirithe sin atá an fhreagracht maidir le hiarratas a dhéanamh chun go ndéanfaí leasú ar an Ordú Cúirte agus an t-easnamh sin a cheartú.Is de réir na meicníochta “paireachta” atá i bhfeidhm faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962 agus na Rialacháin (S.I. 234/76) a rinneadh faoin Acht, a ríomhtar na táillí a bhaineann le habhcóide ar bith a dhéanann ionadaíocht ar an duine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil. Ar a mhéid, ní bhíonn na táillí a íoctar d’abhcóidí faoin Scéim níos mó ná na táillí a íoctar d’abhcóidí a bhíonn os comhair na cúirte ar son an Stáit in aon chás amháin. Ar an iomlán, nuair a chuirtear na mionathruithe ar fad i bhfeidhm, íoctar táillí don abhcóide a dhéanann ionadaíocht ar an duine a bhfaigheann cúnamh dlí a bheidh mórán mór mar an gcéanna ná na táillí a íoctar d’abhcóide an Stáit. Ríomhtar na Táillí Mionteagaisc agus, nuair is cuí, na Táillí Atáille a bhíonn iníoctha do dhlíodóir ag dhá oiread an ráta atá iníoctha d’abhcóidí sóisireach ach amháin i gcásanna a bhaineann le hAlt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil 1994; sa chás sin, íoctar Táille Mhionteagaisc do dhlíodóirí ag an ráta céanna ná abhcóidí sóisireach. Áit is cuí, is féidir le dlíodóirí (amháin) cúiteamh a fháil maidir le heisíocaíocaíochtaí a mbaineann méid réasúnta leo agus a bhfuil miondealaithe go hiomlán, chomh maith le deimhnithe. Ní féidir leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil íocaíochtaí faoin Scéim a cheadú roimh ré agus maidir le foireann dlí agus finnéithe saineolacha an duine a fhaigheann cúnamh dlí, déanfar gach íocaíocht dóibh a mheas ar bhonn an Ordaithe Chúirte agus le machnamh cuí a dhéanamh ar na táillí a íocadh ar thaobh na Stáit. Sa comhthéacs sin, má luaitear san Ordú Cúirte gur cóir teorainn áirithe a chur leis na táillí (táillí comhchoiteanna nó táillí aonair) a íocfar do phroifisiúnaigh dhlí nó d’fhinnéithe saineolacha, srl. is é sin uasmhéid na dtáillí a ndéanfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil údarú orthu maidir leis an gcás sin; ní dhéanfar machnamh fiú ar aon taillí eile.
7. Comhlíontacht cánach
Ní mór do gach páirtí a chuireann iarratas isteach ar tháillí a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de. Cleachtóir ar bith a dhéanann éileamh ar tháillí faoin Scéim agus gan é a bheith ar an bPainéal um Chúnamh Dlí Choiriúil, ní mór dó Deimhniú Imréitigh Cánach a chur isteach lena éileamh ar tháillí.
8. Éilimh a chur isteach faoin Scéim
Áit a bhfuil táillí á n-éileamh i gcóir seirbhísí a soláthraíodh do dhuine a ndeonaigh an Chúirt cúnamh dlí dóibh faoin Scéim, ní mór an fhoirm seo a chomhlánú go hiomlán CLA 8(A) Ad-hoc Legal Aid Scheme (CAB) Claim Form agus í a chur ar aghaidh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Cé gur cóir do gach páirtí an t-éileamh a shíniú agus dáta a chur uirthi, is é an dlíodóir cuí, ar son na páirtithe go léir, is cóir dó an t-éileamh iomlán a thiomsú, a thabhairt chun críche agus a chur isteach go foirmiúil chuig an Bord um Chúnamh Dlíthiúil chun go ndéanfar é a mheas. Ba chóir an t-éileamh a chur isteach in éineacht le gach Ordú cuí Cúirte a bhaineann leis an iarratas ar rochtain chun na Scéime nó a leagann amach go mbeadh an Scéim i bhfeidhm sa chás atá i gceist. Ba chóir sonraisc bhunaidh ó gach páirtí a chur leis an éileamh i gcónaí ina leagtar amach cuntais mhiondealaithe ó ghnéithe éagsúla an éilimh agus ó na seirbhísí a soláthraíodh. Áit a bhfuil táillí á n-éileamh i gcóir cuntasóirí fóiréinseacha, finnéithe saineolacha nó costais eile, ní mór don éileamh a bheith curtha isteach ag an dlíodóir cuí, a ndeachaigh i dteagmháil leis an duine/eagraíocht nuair ba ghá leis é sin a dhéanamh chun go soláthrófaí na seirbhísí a chabhródh leis na cúrsaí a bhain le hullmhúcháin chuí agus le stiúradh chás a chliaint. Is é an dlíodóir a gheallann aon cheann do na seirbhísí thuasluaite atá freagrach as na rudaí seo a leanas:> a chinntiú go bhfuil an tseirbhís i gceist ceadaithe ag an gCúirt agus go bhfuil sé ar chumas an duine nó an chomhlachta áirithe an tseirbhís sin a sholáthar ar bhonn proifisiúnta agus cuí
- a chinntiú gur tháinig an soláthróir seirbhíse ar na dátaí agus ag na hamanna a bhí leagtha amach ag an dlíodóir agus nach bhfuil á n-éileamh ach na huaireanta cearta cloig agus an méid ceart airgid
- nuair is gá, a chinntiú gur ullmhaigh agus gur thaispeáin an soláthróir seirbhíse tuairisc éigin > áit ar choimisiúnaigh an dlíodóir tuairisc éigin, is gá riachtanas an tuarisc sin a shoiléiriú agus ba chóir a lua má taispeánadh sa Chúirt é nó mura taispeánadh
- maidir le costais aistriúcháin nó costais ateangaire, ní mór a chinntiú go mbaineann an t-éileamh le cás áirithe a chliaint agus nach mbaineann sé le seirbhísí ar bith a chuirtear ar fáil sna Cúirteanna agus a bhaineann le conradh eile a bhíonn eagraithe ag an tSeirbhís Cúirteanna
- a chinntiú go gcuirtear isteach sonrasc bunaidh ón duine nó ón gcomhlacht cuí chun go ndéanfaí é a mheas (ní mór sonraí ar fad na seirbhísí a soláthraíodh a bheith san áireamh ann)
- ar chúiseanna iniúchta, ba chóir do dhlíodóirí fianaise a choimeád maidir leis na seirbhísí a ndearnadh coimisiúnú orthu (cóip de gach tuairisc san áireamh)
Cé gur ceart éilimh eatramhacha a bhaineann le cásanna aonair faoin Scéim a chur faoi bhráid an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ag deireadh gach téarma dlí, ní mór an t-éileamh deireanach a bhaineann leis an gcás a chur isteach chomh luath agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná bliain ón dáta ar a críochnaíodh an cás. Is díol suntais é nach ndéanfar machnamh ar éileamh ar bith a thagann isteach i ndiaidh an spriocdháta sin nó ní dhéanfar iad a phróiseáil le haghaidh íocaíochta ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is díol suntais freisin é go gcuirfear ar ais chuig an dlíodóir foirm nó éileamh ar bith nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán nó atá doléite nó éilimh a cuirfear isteach gan an cháipéisíocht riachtanach a bheith leo. Beidh air iad a chomhlánú i gceart agus a chur isteach an athuair. Ba chóir foirmeacha éilimh atá soléite agus comhlánaithe i gceart a chur chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ag deireadh gach téarma dlí. Seol in éineacht leis an cháipéisíocht riachtanach ar fad iad chuig an seoladh atá luaite i gCuid 9 thíos.
9. Ceisteanna agus tuilleadh eolais
Is chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil is cóir gach ceist a chur, idir cheisteanna a bhaineann go sonrach le cás ar leith agus cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm Scéim Ad-hoc um Chúnamh Dlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla. Chuige sin, cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh aischothú ar bith maidir leis an Scéim ó dhuine ar bith a bhíonn baint acu lena cur i bhfeidhm ó lá go lá.