Scéim binse meabhair-shláinte
Ón 1 mhí na Samhna, 2006, má chuirtear duine san ospidéal in éadan a t(h)ola (othar neamhthoiliúil), tá siad i dteideal binse meabhair-shláinte a bheith acu laistigh de 21 lá ón dáta ar cuireadh isteach iad.
Is é an Coimisiún Meabhair-Shláinte atá freagrach faoi láthair as na binsí seo a chur ar bun an tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú), 2015.
Is iad seo a leanas na triúr daoine atá ar bhinse meabhair-shláinte:
- Ball dlí (Abhcóide nó Aturnae a bheidh ina Chathaoirleach)
- Tuata
- Síciatraí Comhairleach
Éistfear leis na fíorais a bhaineann leis an gcás sa bhinse, agus déanfar cinnte go bhfuil sé ag teacht leis an dlí an duine a c(h)oimeád san ospidéal Tá sé de cheart ag othair go ndéanfaidh ionadaí dlí atá ceaptha ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte ionadaíocht dóibh ag an mbinse meabhair-shláinte. Socróidh an Binse chomh maith go ndéanfaidh Síciatraí Comhairleach scrúdú dochtúra neamhspleách. Tá sé de cheart ag othair freastal ar an mBinse más mian leo.
Is é is feidhm leis an mbinse meabhair-shláinte iontráil nó ordú athnuachana a chúlghairm nó a dhearbhú. Féadfaidh binsí meabhair-shláinte aistrithe atá beartaithe chuig an bPríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a mheas agus moltaí a bhaineann le sícmháinliacht a mheas.
Síníodh an Bille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 isteach sa dlí an 30 mí na Nollaig 2015. Rinne sé seo córas nua um chinnteoireacht chuidithe i gcór daoine nach bhfuil sé de chumas acu cinntí a ghlacadh. Cuireann sé foráil ar fáil chomh maith freagracht as ionadaíocht cúnaimh dhlíthiúil ag binsí meabhair-shláinte a aistriú chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Tá an tAcht seo faoi réir ordú tosach feidhme agus a luaithe agus a dhéanfar an tOrdú is é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a bheidh freagrach as cúnamh dlí a chur ar fáil ag na Binsí Meabhair-Shláinte.
Má tá ceist agat i dtaobh cúnamh dlí a chur ar fáil ag na Binsí Meabhair-Shlánte, déan teagmháil leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte