Scaradh agus Colscaradh sa Chuirt Chuarda
Cad é an Painéal?
Is é an Painéal Aturnaetha um Idirscaradh Breithiúnach agus Colscaradh ár bpainéal aturnaetha do chúrsaí idirscartha bhreithiúnaigh agus colscartha sa Chúirt Chuarda. Clúdaíonn sé freisin idirscarthaí arna dtabhairt i gcrích trí chomhaontú idirscartha.
Cén obair ar féidir liom a bheith ag súil leis ón bPainéal?
Clúdaíonn an painéal seo soláthar comhairle dlí maidir le comhaontú idirscartha a thabhairt i gcrích. Clúdaíonn sé cúnamh dlíthiúil freisin maidir leis na hábhair seo a leanas sa Chúirt Chuarda:
- Idirscaradh breithiúnach
- Colscaradh
Tabhair faoi deara le do thoil nach gclúdaíonn an Painéal achomhairc Ard-Chúirte. Más mian le duine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil a chás a achomharc chuig an Ard-Chúirt, ba chóir é a chur ar aghaidh chuig ionad dlí.
Conas a rachaidh mé isteach sa Phainéal?
Ní mór duit a bheith cláraithe mar aturnae sa Stát, árachas slánaíochta gairmiúil imleor a bheith agat chun sástacht an Bhoird (€1.5m faoi láthair) agus riachtanais imréitigh cánach a chomhlíonadh. Beidh ort iarratas a dhéanamh i scríbhinn, ar an bhfoirm iarratais agus gealltanas sínithe a thabhairt go gcloífidh tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha ballraíochta agus forálacha an dlí maidir le cúnamh dlíthiúil sibhialta.
Cliceáil anseo le haghaidh foirm iarratais an Phainéil.
B’fhearr iarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig info@legalaidboard.ie . Nó is féidir iad a phostáil chuig Seirbhísí Cleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid na Cé, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36 nó trí DX 166004 CATHAIR Saidhbhín.
Tá mé sínithe suas. Conas a gheobhaidh mé obair?
Déanann iarratasóirí iarratas ag ionaid dlí ar chúnamh dlíthiúil agus comhairle. Déanfaidh an Bord an t-iarratas a mheas agus má dheonaítear é tabharfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil don iarratasóir. Is é cinneadh an ionaid dlí é de réir na treorach bainistíochta maidir le cé a atreoraítear chuig an bpainéal. Níl aon teidlíocht atreoraithe ach cuirfimid mianta an iarratasóra san áireamh.
Tabharfar cóip de sliocht ón bPainéal do dhuine a atreoraítear chuig an bPainéal ar a mbeidh ainmneacha na n-aturnaetha a sholáthraíonn seirbhísí sa chontae ina bhfuil na himeachtaí cúirte ar siúl. Tugann an Bord nó an duine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil fógra don aturnae ansin agus cuireann sé na doiciméid seo a leanas ar fáil dóibh:
- an deimhniú um chúnamh dlíthiúil lena n-áirítear ainm an duine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil, cineál na n-imeachtaí a údaraíodh agus na céimeanna a údaraíodh de bhun na n-imeachtaí sin, i dtéarmaí an chaiteachais ar fhinnéithe a d’fhéadfadh a bheith tabhaithe; agus
- Foirm Éilimh ar cheart uimhir an deimhnithe um chúnamh dlíthiúil a chur isteach.
Is é an deimhniú údarás an aturnae chun cúnamh dlíthiúil a sholáthar don chliant faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995. Ba cheart don aturnae / gnólacht cóip den deimhniú a choinneáil ar chomhad an chliaint. Ba cheart cóip eile den deimhniú a cheangal leis an bhFoirm Éilimh ar íocaíocht na táille agus aon eisíocaíochta, nuair a bheidh an cás críochnaithe. Ní féidir seirbhísí dlí a sholáthar gan deimhniú um chúnamh dlíthiúil bailí.
Cad iad na táillí atá iníoctha?
Íoctar scála caighdeánach táillí le haturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal as seirbhísí a sholáthar i ngach cás. Féadfar iad a éileamh ar an bhFoirm Éilimh.