Cairt Custaiméirí
Réamhrá
Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dlí agus cúnamh dlíthiúil ar fáil i gcásanna sibhialta do dhaoine nach bhfuil an oiread sin acmhainne acu agus a chomhlíonann riachtanais an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995. Cuireann an Bord seirbhísí idirghabhála ar fáil chomh maith do dhaoine tríd an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh agus is é an Bord atá freagrach as Scéim Comhairle Dlí Stáisiún na nGarda, Scéim Cúnaimh Dhlíthiúil – an Scéim um Cheisteanna maidir le Cúram agus Scéim Cúnaimh Dhlíthiúil an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla a riar.
Leagtar amach i bPlean Corparáideach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil 2015 -2017 an Misean agus an Fhís atá againn i gcomhair na heagraíochta agus na luachanna atá taobh thiar díobh chun iad siúd a bhaint amach. Léiríonn caighdeáin seirbhísí custaiméirí a bhfuil mionchuntas orthu sa Chairt na céimeanna atá ag teastáil chun an Ráiteas Misin atá againn a chur i bhfeidhm:
Chun réiteach éifeachtach ar dhíospóidí sibhialta a éascú trí chúnamh dlíthiúil éifeachtúil a bhfuil teacht air go héasca a chur ar fáil agus chun scéimeanna um chúnamh dlíthiúil cóiriúil an Stáit a bhainistiú agus a riar go héifeachtach.
Is é an fhís atá againn:
rochtain ar an gcóir a éascú trí réiteach ar dhíospóidí sibhialta a chur ar fáil ar an mbealach is cuí ina gcuimhnítear ar dhínit an duine, an cineál díospóide atá ann agus a thionchar ar na páirtithe a bhfuil baint dhíreach acu leis agus ar an tsochaí i gcoitinne agus níos faide amach agus chun a bheith i mbun cúnamh dlíthiúil cóiriúil a chur ar fáil ar bhealach éifeachtúil éifeachtach inmhínithe.
Is iad na Luachanna atá againn:
- Caighdeáin ghairmiúla agus caighdeáin eiticiúla arda a bheith ann sna seirbhísí ar fad atá á gcur ar fáil
- Rochtain a bheith ag an gcliant ar an gcóras dlí mar dhlúthchuid dár seirbhísí
- Béim ar an nuálaíocht i dtaobh seirbhísí a chur ar fáil
- Freagrúlacht do thimpeallacht dhlíthiúil agus do thimpeallacht shóisialta a bhíonn ag athrú seasta
- Ceannasaíocht éifeachtach ar gach leibhéal
- Luach do chuid airgid a chur ar fáil
- Trédhearcacht
- Cultúr a chuireann eitic foirne agus meas ar dhínit an duine chun cinn i gcás an chliaint agus an chomhghleacaí.
- Rialú éifeachtach agus cuntasacht caidrimh agus cuntasacht struchtúir leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Rialtas agus an pobal.
Tá rún againn seirbhís den scoth a chur ar fáil duit, an custaiméir. Leagann an Chairt seo amach na caighdeáin seirbhíse atá tú in ann a bheith ag súil leo uainn chomh maith leis an méid a bheimid ag súil leis uait, ár gcustaiméir.
Tuilleadh eolais:
Ár nGealtanas Duit
Caighdeáin seirbhísí cuistaiméara
Nós imeachta gearáin
Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí