Cairt Custaiméirí - Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí
Tá Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí ceaptha ag an mBord. Tá freagracht foriomlán ag an duine seo as an tseirbhís a chuirfear ar fáil do chustaiméirí. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí, i ndáil le haon ábhar a bhaineann leis na seirbhísí a chuirfear ar fáil duit nach bhfuil réitithe chun do shástacht.
Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
48/49 Sráid Brunswick Thuaidh,
Lána Sheoirse,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7
Teil: 01 646 9600
Ríomhphost: customerliaisonofficer@legalaidboard.ie
Maidir leis na háiseanna san ionad dlí nó maidir le teip chun na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt seo a chomhlíonadh
- Ba cheart duit an gearán a chur i scríbhinn ag an Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí: Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
48/49 Sráid Brunswick Thuaidh, Lána Sheoirse, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7
Maidir le hAbhcóide nó dlíodóir príobháideach atá ag cur seirbhísí dlíthiúla ar fáil duit
- ba cheart duit i dtosach gearán a dhéanamh don Dlíodóir Bainistíochta san ionad dlí;
- beidh sé mar aidhm ag an Dlíodóir Bainistíochta an t-ábhar a réiteach chomh sciobtha agus is féidir agus, más gá, buailfeadh sé/sí leat chun d’ábhar imní a phlé;
- má tá tú míshásta i gcónaí, ba cheart duit an gearán a dhéanamh i scríbhinn don Dlíodóir Bainistíochta;
Is féidir teacht ar chóip iomlán dár nós imeachta gearáin i nós Imeachta Um Chúram do Chustaiméirí agus Gearáin.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh maidir le d’iarratas i gcóir cúnaimh/comhairle dlíthiúil, féadfaidh tú athbhreithniú a fháil ar an gcinneadh nó an cinneadh a achomharc ag coiste acomhairc den Bhord. Tá na socruithe i gcóir acomharc leagtha amach i Tarraingt Siar Seirbhísí Dlí.
An chaoi ar féidir leat cabhrú linn
Is féidir linn an cúnamh is fearr a thabhairt duit:
- Má chuireann tú ar fáil aon eolas atá agat a d’fhéadfadh a bheith ábhartha;
- Má chuireann tú ar fáil aon cháipéis nó uimhreacha tagartha atá agat a d’fhéadfadh a bheith ábhartha;
- Má chaitheann tú lenár mbaill foirne agus le custaiméirí eile le cuirtéis agus le meas.
Aiseolas
- Cuirimid fáilte roimh aon tuairim, moladh nó barúil atá agat maidir le haon ghné dár seirbhís agus cuir ar an eolas muid le do thoil má tá tú an-sásta le haon ghné dár seirbhís