An Príomhfheidhmeannach
Is é an tUasal John McDaid príomhfheidhmeannach an Bhoird ar ceapadh sa ról i mí na Nollaig, 2014. Chuaigh John isteach sa Bhord mar aturnae i 1993 agus i ndiaidh tréimhse ghairid a bheith ag obair in ionad dlí Chluain Dolcáin, d'oibrigh sé mar Aturnae Bainistíochta in ionaid dlí an Longfoirt, in Ionaid Dlí na hUaimhe agus i Seirbhís Dlí Dídeanaithe an Bhoird i mBaile Átha Cliath. In 2005 ghlac sé ról sinsearach bainistíochta mar Oifigeach Idirchaidrimh Ghairmiúil sular éirigh leis a bheith ina Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta, post a bhí aige go dtí gur ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach é. Is "oifigeach poiblí ainmnithe" é John chun críche an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.