Gabrielle Henderson Hjckknwcxxq Unsplash

Tugann an tAire Jim O’Callaghan TD cuairt ar Ionad Dlí Mhargadh na Feirme chun aird a tharraingt ar sheirbhísí an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

5ú Meitheamh 2025: Bhí áthas ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte a chur roimh an Aire Jim O’Callaghan TD go dtí Ionad Dlí Mhargadh na Feirme.

Lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliaith, tá ról lárnach ag an Ionad tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus do theaghlaigh. Cuireann an t-ionad cúnamh dlíthiúil ar fáil i réimsí ar nós colscartha, orduithe cúraim leanaí, agus cosaint idirnáisiúnta dóibh siúd atá incháilithe.

Ag labhairt di le linn na cuairte dúirt príomhoifigeach feidhmiúcháin an Bhóird um Chúnamh Dlíthiúil Joan Crawford:

Táimid bródúil as an obair atá á déanamh go laethúil ag ár gcomhghleacaithe i Margadh na Feirme agus ar fud na tíre. Is bunchloch maidir le rochtain ar cheartas é an cúnamh dlíthiúil agus léiríonn an t-ionad seo conas is féidir le seirbhísí pobalbhunaithe inrochtana fíordhifríocht a dhéanamh i saol na ndaoine. Is comhartha tábhachtach den tseirbhís a chuirimid ar fáil gach cás a fhaigheann réiteach agus gach duine a fhaigheann tacaíocht. Agus cabhraíonn Ionad Dlí Mhargadh na Feirme le breis is 5,000 duine in aghaidh na bliana ar an meán.”

I gcaitheamh na cuairte bhuail an tAire Jim O’Callaghan TD le baill foirne agus tugadh forléargas dó ar na seirbhísí ríthábhachtacha atá ar fáil san ionad.

Tuilleadh eolais ag www.legalaidboard.ie

I gcás na pictiúr, tá ár gCathaoirleach Nuala Egan SC, an tAire Dlí agus Cirt Jim O Callaghan, agus ár gCeannfort Joan Crawford ar chlé go deas.