Cosaint Sonraí
Tá freagrachtaí againn mar rialitheoir sonraí faoin Acht um Chosaint Sonraí 1998 agus 2003, sonraí cliaint a chosaint.
I measc iad siúd tá; na sonraí a choimeád do chuspóirí sonraithe agus cuspóirí dleathacha amháin, na sonraí a choimeád sábháilte agus slán, agus gan na sonraí a choimeád níos faide ná mar atá riachtanach. De ghnáth coimeádfaidh ionaid dlí do shonraí ar feadh seacht mbliana tar éis do chás a bheith críochnaithe, agus scriosann siad na sonraí go cúramach i ndiaidh sin. D'fhéadfaí do shonraí a choimeád níos faide ná sin dá mba rud é gur ghníomhaigh an ionad dlí thar ceann tú féin i dtaobh traschur maoine nó cúrsaí casta eile.
Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
48/49 Sráid Brunswick Thuaidh,
Lána Sheoirse,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7 D07 PE0C