Eolas ar Thír Dhúchas
Forbhreathnú
Cuireann an tIonad Doiciméadaithe Dídeanaithe (RDC) seirbhís taighde agus fiosrúcháin speisialaithe ar fáil chun tacú le hobair an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus ghníomhaireachtaí na Roinne Dlí agus Cirt atá bainteach le cásanna Cosanta Idirnáisiúnta. Tá an tseirbhís ar fáil freisin d’aturnaetha ar Phainéal Aturnaetha um Chosaint Idirnáisiúnta an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus d’abhcóidí atá mar chuid de fho-phainéal Cosanta Idirnáisiúnta an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil d’Abhcóidí.
Tá an tSeirbhís Taighde agus Fiosrúcháin ar fáil trí d’iarratas COI a sheoladh chuig research@legalaidboard.ie
Foilsíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann EUAA rogha de fhreagraí fiosrúcháin gan ainm agus Pacáistí Faisnéise Tíre arna gcomhlánú ag an RDC. Is féidir iad seo a fháil ag https://coi.euaa.europa.eu/
Déanaigh Teagmháil Linn
Guthán: 01 4776250
Ríomhphost: research@legalaidboard.ie