Ráiteas Inrochtaineachta
Ár dtiomantas agus an cur chuige atá againn maidir le suíomh gréasáin inrochtana a chothabháil
Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tiomanta do na nithe seo a leanas:
- Suíomh gréasáin inrochtana a chothabháil. Tá an tiomantas seo leagtha amach inár gCairt do Chustaiméirí.
- A chinntiú go gcomhlíonann an suíomh gréasáin seo caighdeáin “Leibhéal AA” de réir na dTreoirlínte maidir le hInrochtacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.2, chun cloí le Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hInrochtacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéis a sholáthraíonn Comhlachtaí Poiblí. (Tá réamhrá ar fáil ó Ionad Barr feabhais an Údaráis Náisiúnta Míchumais um Dhearadh Uilíoch maidir le beartas agus reachtaíocht a bhaineann le Dearadh Uilíoch in Éirinn.)
- A chinntiú go gcomhlíonfaidh aon bhreiseanna nua leis an suíomh gréasáin caighdeáin “Leibhéal AA” de réir na dTreoirlínte maidir le hInrochtacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.2.
- A chinntiú go mbeidh gnéithe inrochtachta san áireamh in aon iarratais soláthair amach anseo le haghaidh córais tríú páirtí nó uasghráduithe ar chórais atá ann cheana.
Comhlíonadh an tsuímh ghréasáin seo leis na treoirlínte oifigiúla inrochtachta
Faoi láthair, comhlíonann an suíomh gréasáin caighdeáin “Leibhéal AA” de réir na dTreoirlínte maidir le hInrochtacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.2.
Réimsí le feabhsú agus amlínte
Braitheann an fhreagracht as na caighdeáin inrochtachta a chur i bhfeidhm ar na hacmhainní atá ar fáil don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil.
Conas aiseolas a sheoladh maidir le hinrochtacht an tsuímh ghréasáin seo
Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtacht an tsuímh ghréasáin seo.
Déan teagmháil leis an Oifigeach Inrochtachta:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Montague Court
7/11 Sráid Montague
Baile Átha Cliath 2
D02 FT96
Teileafón: 087 1801270
Ríomhphost: accessofficer@legalaidboard.ie