Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí

Comhlíonann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil na Rialacháin maidir le hAthúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí (I.R. Uimh. 279 de 2005).

Is leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil an cóipcheart ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird, mura sonraítear a mhalairt. Ceadaítear an fhaisnéis seo a athúsáid, saor in aisce, in aon fhormáid. Áirítear leis an athúsáid: cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriúchán go teangacha eile. Áirítear leis freisin taighde agus staidéar neamhthráchtála.

Féadfar faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid, faoi réir an cheadúnais PSI (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí) is déanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie. Go hachomair, éilíonn sé seo ar an úsáideoir:

 

foinse na faisnéise agus cóipcheart an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil a aithint i gcásanna ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile
an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith míthreorach
gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a thabharfadh le tuiscint go bhfuil tacaíocht nó formhuiniú á thabhairt ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, i gcás nach bhfuil a leithéid tugtha
gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha fógraíochta nó chun táirge nó seirbhís ar leith a chur chun cinn, go príomha, agus
gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mhíonhonna, nó chun tacú le críocha den sórt sin.


Níl an Bord um Chúnamh Dlíthiúil freagrach as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid na faisnéise, agus ní thugann sé deimhniú go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní thugann an Bord ceart eisiach d’aon úsáideoir chun a chuid faisnéise a athúsáid.

Chun achoimre a fháil ar an bhfaisnéis ar an suíomh gréasáin seo atá ar fáil le haghaidh athúsáide, féach léarscáil an tsuímh anseo.

Tá lámhleabhar an Bhoird, arna ullmhú de réir alt 15 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, ar fáil anseo.

Má tá ceisteanna agat maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí laistigh den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, déan teagmháil le:

Eileen Bowden
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Sráid na Cé (Quay St.)
Cathair Saidhbhín
Contae Chiarraí

Teil: 066 947 1000
Ríomhphost: embowden@legalaidboard.ie