Sonraí Oscailte
Tá sé mar aidhm ag Treoir an AE maidir le Sonraí Oscailte (2019) méid na faisnéise ón earnáil phoiblí atá ar fáil don phobal a mhéadú, i bhformáidí atá saor in aisce agus inrochtana.
Tá an Straitéis Sonraí Oscailte forbartha ag Rialtas na hÉireann chun tacú leis seo, agus tá sé mar aidhm againn an tiomantas seo a léiriú trí shonraí ábhartha tráthúla a fhoilsiú i bhformáidí CSV agus Excel.
Léiríonn na sonraí go cruinn an obair a rinne an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tráth an fhoilsithe. D’fhéadfaí na sonraí a choigeartú má aimsítear earráidí ina dhiaidh sin.
Tá na Sonraí Oscailte atá eisithe go dtí seo le fáil thíos.
Tá sé i gceist ag an mBord prionsabail an GDPR agus dea-chleachtas taighde a leanúint i gcónaí, agus a chinntiú nach féidir cásanna aonair ná páirtithe aonair a aithint. I gcásanna ina mbíonn líon na gcásanna nua in aghaidh na míosa níos lú ná 3, ní dhéanfar tuairisciú orthu. Má tharlaíonn sé seo ar feadh níos mó ná mí amháin i réimse áirithe, tuairisceoidh an Bord na sonraí ar bhonn bliantúil, más féidir, chun a chinntiú go mbeidh sonraí ar fáil don réimse sin.
Tá na Sonraí Oscailte a fhoilsíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ceadúnaithe faoin gceadúnas CC BY 4.0.
Má úsáideann duine na sonraí arís, ba cheart an t-aitheantas seo a chur leis: 'Tá sonraí ón earnáil phoiblí in Éirinn ann, atá ceadúnaithe faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)'.