Gabrielle Henderson Hjckknwcxxq Unsplash

Páipéir Taighde

Tacaíocht a thabhairt do Thaighde

Táimid tiomanta dár bhfeidhm taighde a fhorbairt, ag obair le geallsealbhóirí ábhartha chun ár n-eolas comhchoiteann a chur chun cinn agus a chinntiú go bhfuil ár gcinntí beartais agus ár gcleachtais bunaithe ar fhianaise a mhéid is féidir.

Déanaimid é seo trí dhul i mbun oibre le hacadúlaithe agus le foireann institiúidí ardoideachais agus le comhlachtaí aitheanta eile. Is é an aidhm atá againn deiseanna cuí a sholáthar chun nascadh leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, a fhoireann, a chliaint agus a shonraí agus taighde á dhéanamh a bhfuil leas comhroinnte agus cuspóir coiteann aige.

Tá sé mar aidhm againn comhoibriú ar thionscadail taighde atá bunaithe ar phríomhspriocanna an Bhoird chun eispéireas seirbhíse ardchaighdeáin a sholáthar do chliaint. Cuirimid fáilte freisin roimh an deis chun tograí taighde a iniúchadh a chuimsíonn ár réimsí oibre.