Gabrielle Henderson Hjckknwcxxq Unsplash

Ráiteas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil maidir le hAthbhreithniú ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta

Is deis iontach í foilsiú an Athbhreithnithe ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta chun an córas um chúnamh dlíthiúil sibhialta a mheas agus chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi is fearr is féidir leis freastal ar an bpobal sna blianta amach romhainn.

Táimid ag tnúth le bheith i mbun oibre leis an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan TD, agus lena Roinn agus na moltaí á mbreithniú.

Mar a luadh sa tuarascáil:

‘Tá go leor bainte amach ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, lena fhoireann dhíograiseach agus ghairmiúil, sna 45 bliain atá sé ann. Leanann sé de sheirbhís atá ag leathnú i gcónaí a sholáthar laistigh de thimpeallacht dhúshlánach, lena n-áirítear éileamh ar a sheirbhísí a sháraíonn na hacmhainní atá ar fáil chun iad a sholáthar go minic, in éineacht le heaspa infheistíochta leordhóthanaí thar na blianta fada.’

In ainneoin na ndúshlán seo, leanann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil de sheirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar agus tá sé tiomanta do fheabhsú leanúnach ár seirbhísí, agus do chinntiú go gcoimeádtar rochtain ar cheartas dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leis.

 

Joan Crawford, POF an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil